Matha 5:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)18 Óir adeirim libh go fírinneach, Nó go dtéidh neamh agus talamh ar neamh‐nidh, ní rachaidh aon ghiota ná aon phonnc de’n dlighe ar neamh‐nidh nó go gcóimhlíontar gach éinnidh. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)18 Mar deirim go fíor libh, go dtí go rachaidh neamh agus talamh as, ní rachaidh aon phonc den dlí ar neamhní go dtí go gcuirtear an t‑iomlán i gcrích. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara18 Óir amén adeirim libh, go raibh deireadh le neamh agus talamh, ní rachaidh aon litir ná aon mharc as an dlighe, go dtí go dtárluighidh an t-iomlán. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)18 Oir a deirim ribh go firinneach, No go ndeachaidh neamh agus talamh thort, ní rachaidh éan iota na áonphunc don dligheadh thort, nó go gcoimhlíontar gach éin ní. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)18 Óir deirim libh go fírinneach, go dtí go dtéidh an spéir agus an talamh ar neamhnídh ná raghaidh aon ióta amháin ná aon phúnc amháin de’n dlígh ar neamhnídh, go dtagaidh a h-iomláine chun cinn. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201218 Óir deirim libh go fírinneach, is túisce a imeoidh neamh agus talamh ná mar a imeoidh aon litir ná aon ghiota den dlí gan gach aon ní a bheith tagtha i gcrích. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198118 Óir deirim libh go fírinneach, is túisce a imeoidh neamh agus talamh ná mar a imeoidh aon litir ná aon ghiota den dlí gan gach aon ní a bheith tagtha i gcrích. Féach an chaibidil |
Agus adubhairt seisean leo, Mar gheall ar bhúr n‐easbaidh creidimh: óir adeirim libh go fírinneach, Dá mbéadh oiread le gráinne síl mustáird de chreideamh agaibh, adéarfadh sibh leis an sliabh so, Aistrigh as so annsúd anonn; agus aistreochaidh sé; agus ní bhéidh éinnidh ann nach mbéidh ar chumas daoibh a dhéanamh.
Agus nuair do‐chonnaic na deisceabail é, tháinig iongnadh mór ortha, agus adubhradar, Cionnas d’fheogh an crann fige chómh luath sin? Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Má bhíonn creideamh agaibh, gan amhras bheith oraibh, do‐ghéanaidh sibh, ní h‐é amháin a ndearnadh do’n chrann fige, acht má deir sibh leis an sliabh so, Tógtar agus teilgthear isteach sa bhfairrge thú, déanfar é.