Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 5:19 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 An t-é d’á bhrígh sin, a mhillfidh aithne des na h-aitheantaibh sin is lúgha, agus do mhúinfidh na daoine mar sin, tabharfar air an t-é is lugha i rígheacht na bhflathas; ach an t-é choimeádfidh iad, agus do mhúinfidh [a gcoimeád] tabharfar duine mór air i rígheacht na bhflathas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

19 Mar sin de, cibé duine a dhéanas a bheag den aithne is lú díobh seo agus a chuireas sin ina luí ar dhaoine, is de a ghairfear an té is lú i ríocht neimhe; ach an té a bhíos á saothrú amach agus á dteagasc beidh ainm fir mhóir i ríocht neimhe air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

19 Ar an adhbhar sin, an té a dhéanfas neimhnídh d’aon chionn de na h-aitheanta fhíor-bheaga seo, agus a mhúinfeas amhlaidh do dhaoine, goirfear an té is lugha i ríoghacht na bhflaitheas de: acht an té a chongbhóchas agus a mhúmfeas iad, goirfear duine mór de-sean i ríoghacht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Ar an adhbhar sin, cibé duine bhrisfeas aithne amháin de na h‐aitheantaibh seo is suaraighe, agus mhúinfeas na daoine mar sin, glaodhfar air an duine is lugha i ríoghacht na bhflaitheas: acht cibé duine do‐ghéanas agus mhúinfeas iad, do‐bhéarfar duine mór air i ríoghacht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Ar a nadhbharsin giodh bé neach bhrisfeas áonaithne do na haitheantaibh robheagaso, agus theagaisgfeas na dáoine mar sin, goirfidhthear dhe an duine is lúgha a rioghachd neimhe: achd giodh bé neach dhéanas agus theagaisfeas iád, goirfidh thear duine mór dhe a rioghachd neimhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

19 Dá bhrí sin, an té a chuirfidh aon aithne ar ceal den chuid is lú de na haitheanta seo, agus a mhúinfidh do dhaoine eile an rud céanna a dhéanamh, measfar é sin ar an té is lú i Ríocht na bhflaitheas. Ach an té a choimeádfaidh iad agus a mhúinfidh, measfar eisean ina dhuine mór i Ríocht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

19 Dá bhrí sin, an té a chuirfidh aon aithne ar ceal den chuid is lú de na haitheanta seo, agus a mhúinfidh do dhaoine eile an rud céanna a dhéanamh, measfar é sin ar an té is lú i ríocht na bhflaitheas. Ach an té a choimeádfaidh iad agus a mhúinfidh, measfar eisean ina dhuine mór i ríocht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 5:19
38 Tagairtí Cros  

Go deimhin adeirim libh, níor eirigh, ar an rugadh ó mhnáibh, duine ba mhó ’ná Eóin Baiste; ach an t-é is lúgha i rígheacht na bhflathas is mó é ’ná eisean.


Agus dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim libh, sibh-se do lean mé, sa n-aithgheineamhaint, nuair a shuidhfidh Mac an Duine i gcathaoir a ghradaim, súidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Israéil.


Ní mar sin a bheidh eadraibh-se; ach an t-é gur maith leis bheith mór eadraibh, bíodh sé ’n-a fhear fhriotháilte agaibh;


Agus teagaisgidh iad chun gach ar órduigheas-sa dhaoibh do choimeád: agus féach, táim-se i nbhúr bhfochair tríd na laethanta go léir, go dtí críochnú an tsaoghail.


Óir beidh sé mór i láthair Dé, agus ní ólfaidh sé fíon ná deoch mheisgeamhail, agus beidh sé lán de’n Spioraid Naomh ó bhroinn a mháthar féin.


Ach is mairg daoibh, a Fhairisíneacha, óir cuireann sibh deachmhadh ar an miontuis agus ar an ruibh agus ar gach uile luibh, agus ní’l suim agaibh i mbreitheamhantas Dé ná i ngrádh Dé. Is amhlaidh ba cheart so do dhéanamh agus gan rúd do leigint ar lár.


Agus dubhairt sé leó-san: An t-é a ghlacfaidh an leanbh san am’ ainim-se glacann sé mise; agus an t-é a ghlacfaidh mise glacann sé an t-é do chuir uaidh mé; óir an t-é is lúgha agaibh go léir isé is mó.


Do dheineas an chéad chainnt, a Theophiluis, ar na neithibh go léir a thusnuigh Íosa ar dhéanamh agus ar theaghasg,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí