Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 5:26 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Go deimhin adeirim leat, ní thiocfair amach as san go ndíolair an fheóirling dheirineach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

26 deirim leat go fíor, ní bhfaighidh tú cead do chinn go dtí go raibh an bonn rua deireannach íoctha agat.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

26 Amén adeirim leat, nach rachaidh tú amach as sin go dtí go ndíolaidh tú an fheoirling dheireannach.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Adeirim leat go fírinneach, nach dtiocfaidh tú amach as nó go raibh an fheoirling dheiridh íoctha agat.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 A deirim riot go fírinneach, Nach rachaidh tú as sin a mach, nó go míoca tú an fheórling dheigheanach

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

26 Deirim leat go fírinneach, ní thiocfaidh tú amach as sin go mbeidh an chianóigín dheireanach díolta agat.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

26 Deirim leat go fírinneach, ní thiocfaidh tú amach as sin go mbeidh an cianóigín deireanach díolta agat.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 5:26
10 Tagairtí Cros  

Ná díoltar dhá ghealbhún ar fheóirling? Agus ní féidir do ghealbhún acu tuitim chun tailimh gan bhúr n-Athair.


Agus bhí fearg ar an dtighearna, agus thug sé suas do na céasdóiribh é, go ndíolfadh sé na fiacha go léir.


Ansan déarfaidh sé leis an muintir a bheidh ar a láimh chlé: Imthighidh uaim, a dhream mhallaighthe, isteach sa teine shióruidhe do h-ollamhuigheadh do’n diabhal agus d’á aingealaibh;


Agus imtheóchaid siad san isteach i bpiantaibh síoruídhe; agus na fíoraoin isteach i mbeatha shíoruidhe.


Agus do tháinig baintreach dhealbh agus chaith sí isteach dhá chianóig, ’sé sin feóirling.


Agus nuair a bheidh tú ag dul, i n-aonfheacht led’namhaid, i láthair an phriúnsa, dein do dhícheal chun sgaramhaint leis, le h-eagla go mbéarfadh sé i láthair an bhreithimh tu, agus go dtabharfadh an breitheamh suas tu do’n fheidhmeadóir, agus go gcuirfeadh an feidhmeadóir sa charcair tu.


Deirim leat ná tiocfair amach as san go ndíolair an chianóg dheirineach.


Agus d’á éaghmuis sin a’s uile, tá doimhneas mór suidhte daingean idir sibh-se agus sinne, i dtreó an t-é gur mhian leis dul as so ag triall oraibh-se nách féidir dó é, ná teacht as sán ag triall orainne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí