Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 5:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Adeirim leat go fírinneach, nach dtiocfaidh tú amach as nó go raibh an fheoirling dheiridh íoctha agat.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

26 deirim leat go fíor, ní bhfaighidh tú cead do chinn go dtí go raibh an bonn rua deireannach íoctha agat.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

26 Amén adeirim leat, nach rachaidh tú amach as sin go dtí go ndíolaidh tú an fheoirling dheireannach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 A deirim riot go fírinneach, Nach rachaidh tú as sin a mach, nó go míoca tú an fheórling dheigheanach

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Go deimhin adeirim leat, ní thiocfair amach as san go ndíolair an fheóirling dheirineach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

26 Deirim leat go fírinneach, ní thiocfaidh tú amach as sin go mbeidh an chianóigín dheireanach díolta agat.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

26 Deirim leat go fírinneach, ní thiocfaidh tú amach as sin go mbeidh an cianóigín deireanach díolta agat.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 5:26
10 Tagairtí Cros  

Nach ndíoltar dhá ghealbhan ar fheoirling? Agus ní féidir go dtuitfeadh gealbhan aca chum talmhan gan cead bhúr n‐Athar:


Agus do bhí fearg ar a thighearna, agus thug sé do na céasadóiribh é, nó go n‐íocadh sé na fiacha go léir.


Annsin adéarfaidh sé leo‐san bhéas ar a láimh chlé, Imthighidh uaim, a dhaoine malluighthe, isteach sa teinidh shíorraidhe do h‐ullmhuigheadh do’n diabhal agus d’á ainglibh:


Agus imtheochaidh siad‐so isteach i bpeannaid shíorraidhe: acht imtheochaidh na fíréin isteach sa mbeathaidh shíorraidhe.


Agus tháinig baintreabhach bhocht amháin, agus do chuir sise isteach ann dá chianóig, do‐ghní feoirling.


Óir, nuair bhíonn tú ag dul i n‐éinfheacht led’ námhaid i láthair an ghiúistís, sa tslighe dhuit, déan do dhícheall chum réidhteach do dhéanamh leis; ar eagla go dtarraingeochadh sé os cómhair an bhreitheamhan thú, agus go dtiubhradh an breitheamh suas do’n fheadhmannach thú, agus go gcuirfeadh an feadhmannach i bpríosún thú.


Adeirim leat, Ní thiocfaidh tú amach as, ar chor ar bith, nó go n‐íocair an fheoirling dheiridh.


Agus thairis sin agus uile, atá duibheagán mór suidhte eadrainn: i dtreo nach bhféadann siad‐san gur mian leo é dul chugaibh‐se anonn, ná teacht as sin anall chugainne.


dream gheobhas mar phionós léirscrios síorraidhe ó ghnúis an Tighearna, agus ó ghlóir a chumhachta,


Óir breitheamhnas gan trócaire is eadh gheobhas an té nach ndearna trócaire: buadhann an trócaire ar an mbreitheamhnas.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí