Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 5:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus nuair a chonaic sé na sluaighte chuaidh sé suas ar an gcnoc, agus nuair a shuidh sé ann tháinig a dheisgiobuil ag triall air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Nuair a chonaic sé chuige na sluaite, chuaigh sé in airde an tsléibhe, agus nuair a shuigh sé faoi, tháinig a dheisceabail chuige.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus ar fheiceáil na sluagh do Íosa, chuaidh sé suas ar shliabh, agus nuair a shuidh sé síos, tháinic a dheisciobail chuige.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus nuair chonnaic sé na sluaighte, do chuaidh sé suas ar an sléibh; agus nuair do bhí sé ’n‐a shuidhe,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus an tan chunnairc an slúagh, do chuáidh sé súas ar shliabh: agus ar suighe dhó tangadar a dheisgiobuil chuige:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Nuair a chonaic sé na sluaite, chuaigh sé an sliabh suas. Shuigh sé síos agus tháinig a dheisceabail chuige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Nuair a chonaic sé na sluaite, chuaigh sé an sliabh suas. Shuigh sé síos agus tháinig a dheisceabail chuige.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 5:1
16 Tagairtí Cros  

Agus do chruinnigh sluaighte móra, i dtreó go ndeaghaidh sé ar bórd na luinge bige agus gur shuidh sé ínti, agus gur sheasaimh an tsluagh go léir ar an dtráigh.


Agus d’imthigh Íosa ó’n áit, agus tháinig sé go bpuach mara Ghaililí; agus chuaidh sé suas ar chnoc, agus shuidh sé ann.


Agus do lean sluaighte móra é a Gaililí agus a Decapolis agus a Ierúsalem, agus ó’n dtaobh thall de Iórdan.


Agus d’osgail sé a bhéal agus do theagaisg sé iad, agus dubhairt sé:


Agus chuaidh sé suas ar an gcnoc agus do ghlaoidh sé chuige na daoine ba thoil leis féin, agus thánadar chuige.


Agus thánadar chun an tighe, agus tháinig an tsluagh airís i dtreó nár bh’fhéidir dóibh fiú bia do chaitheamh.


Agus do thosnuigh sé airís an theagasg i n-aice na faraige, agus do chruinnigh sluagh mhór chuige, i dtreó go ndeaghaidh sé ar bórd luinge ar an uisge agus gur shuidh sé ann, agus bhí an tsluagh i n-aice an uisge, ar an dtalamh tirim.


Agus do thárla ins na laethanta san go ndeaghaidh sé amach ar an gcnoc chun úrnuighthe dhéanamh, agus go dtug sé an oidhche ag guidhe chun Dé.


Agus tháinig sé anuas i n-aonfheacht leó, agus sheasaimh sé ar áit leibhéalta, agus cruinniú dá dheisgiobuil agus sluagh mhór daoine ó Iúdaéa go léir agus ó Ierúsalem, agus ó chríochaibh Tuíre agus Sídóin cois na faraige,


Agus tóg sé suas a shúile agus d’fhéach sé ar a dheisgiobuil agus dubhairt: Is aoibhinn daoibh-se a daoine atá bocht, óir is libh rígheacht Dé.


Agus do thárla, tímpal ocht lá tar éis na cainte sin, gur thóg sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin, agus go ndeaghaidh sé suas ar an gcnoc chun úrnuighthe dhéanamh.


Nuair a bhí fhios ag Íosa, ámhthach, go rabhadar chun teacht agus breith air agus rí a dhéanamh de, d’imthigh sé uatha airís fé’n gcnoc i n’ aonar.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí