Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 5:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Is aoibhinn dos na bochtaibh sa spioraid, mar is leó san rígheacht na bhflathas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 “Is beannaithe na boicht ó sprid, mar is leo ríocht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Is beannuighthe na bochta i spiorad: óir is leo ríoghacht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Is aoibhinn d’á bhfuil bocht ’n‐a spioraid, mar is leo‐san ríoghacht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Is beannuighthe na boichd a sbioruid óir is leó ríoghachd neimhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 “Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo Ríocht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 “Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo ríocht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 5:3
55 Tagairtí Cros  

Sa n-am san d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Admhuighim ad’ láthair-se, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, mar gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus tuisgiona, agus gur nochtais iad do naoidheanaibh.


Agus is aoibhinn do’n t-é ná glacfaidh sganall umam-sa.


Ach is aoibhinn d’bhúr súilibh-se, óir chíd; agus d’bhúr gcluasaibh, óir cloisid.


Ach dubhairt Íosa leó: Leigidh chúgham an mhuintir bheag, agus ná coisgidh iad; óir is le n-a leithéidí sin rígheacht na bhflathas.


Is aoibhinn do’n tseirbhíseach san, nuair a thiocfaidh a thighearna, má gheibheann sé é ag déanamh na h-oibre sin.


Ansan déarfaidh an Rí leis an muintir a bheidh ar a láimh dheis: Téanaidh, a dhaoine beannuighthe le m’Athair, agus sealbhuighidh an rígheacht atá ollamh daoibh ó chruithniú an domhain:


Agus deireadh sé: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh


Agus deirim libh go dtiocfaidh a lán daoine ó’n ndomhan toir agus ó’n ndomhan tiar, agus go luighfid siad i bhfochair Ábrahaim agus Isaaic agus Iácóib,


Agus chonaic Íosa iad, agus ghlac sé díombádh, agus dubhairt sé leó: Leigidh chúgham na leanbhaí, agus ná bídhidh ghá gcosg, óir is d’á leithéidí sin flathas Dé.


Ach dubhairt seisean: Abair, ámhthach, is beannuighthe an mhuintir a chloiseann briathar Dé agus do choimeádann é.


Deirim libh, do chuaidh sé sin abhaile ar staid na ngrást, murab ionan a’s an fear eile. Óir gach duine dh’árdóchaidh é féin, úmhlófar é; agus gach duine a dh’úmhlóchaidh é féin, árdófar é.


Agus tugaim-se dhaoibh-se rígheacht, fé mar a thug m’Athair dómh-sa;


Sibh a bheith ag ithe agus ag ól as mo bhórd, am’ rígheacht, agus i nbhúr suidhe ar chathaoireachaibh ríoga ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Israéil.


Tá Spioraid an Tighearna orm, agus d’á bhrígh sin d’ong sé me, chun soisgéil do chraobhsgaoileadh do sna bochtaibh, do chuir sé uaidh mé chun lucht an chroidhe bhrúighte do leigheas,


Dubhairt Íosa leis: Do chreidis, a Thomáis, mar do chonaicís mé. Is aoibhinn do’n mhuintir na feacaidh, agus do chreid.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí