Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 5:23 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 D’á bhrígh sin, má bhíonn tabharthas agat d’á thabhairt uait os cómhair na h-altórach, agus go gcuimhneóchair go bhfuil rud éigin ad’ choinnibh agat’ bhráthair;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

23 Mar sin, má tá aisce á toirbhirt agat ar an altóir, agus más cuimhneach leat ansin go bhfuil ábhar casaoide ag do bhráthair ort,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

23 Ar an adhbhar sin, má bheir tú do thabhartas chun na h-altóra, agus cuimhniughadh annsin go bhfuil rud éigin ag do dhearbhráthair i d’aghaidh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Ar an adhbhar sin, má bhíonn tú ag tabhairt bronntanais chum na h‐altóra, agus má chuimhnigheann tú annsin go bhfuil aon chúis ag do bhráthair chugat,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Uime sin ma thugann tú do thabhartus chum na lialtóra, agus go gcuimhneochaidh tú ann sin go bhfuil ní ar bith ag ad dhearbhrathair a daghaidh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

23 Dá réir sin, má bhíonn tú ag tabhairt dʼofrála chun na haltóra agus go gcuimhneoidh tú ansin go bhfuil cúis ghearáin éigin ag do bhráthair ort,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

23 Dá réir sin, má bhíonn tú ag tabhairt d'ofrála chun na haltóra agus go gcuimhneoidh tú ansin go bhfuil cúis ghearáin éigin ag do bhráthair ort,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 5:23
17 Tagairtí Cros  

A dhaoine dalla: Cé’cu is mó, an tabharthas nó an altóir a chuireann an bheannuightheacht ar an dtabharthas?


Fág ansan do thabharthas os cómhair na h-altórach, agus imthigh agus dein síothcháin led’bhráthair, agus ansan tar agus bronn do thabharthas.


Agus dubhairt Íosa leis: Féach, ná h-innis d’aoinne é; ach imthigh agus taisbeáin tu féin do’n tsagart, agus tabhair an ofráil a dh’órduigh Maoís, mar fiadhnaise dhóibh-sin.


Agus nuair a stadfaidh sibh chun úrnuighthe dhéanamh, má bhíonn aon nídh agaibh i gcoinnibh aoinne, maithidh dó é; ionus go maithfeadh bhúr n-Athair atá ins na flathais bhúr bpeacaí dhaoibh-se.


Agus do sheasaimh Sacaeus agus dubhairt sé leis an dTighearna: Féach, a Thighearna, tá leath mo choda agam ’á thabhairt do sna daoine bochta; agus má dheineas éagcóir ar aoinne tá leóirghníomh agam ’á dhéanamh leis fó cheathair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí