Matha 5:22 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)22 Ach deirim-se libh, gach duine atá i bhfeisg le n-a bhráthair beidh sé ciontach do’n bhreitheamhantas. An t-é ámhthach a déarfaidh le n-a bhráthair, Raca, beidh sé ciontach do’n chómhairle. Agus an t-é a déarfaidh, A amadáin, beidh sé ciontach cun teine ifrinn. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)22 Ach is é deirim libh, nach bhfuil duine dá dtéann i bhfeirg lena bhráthair nach dtabharfar breith air; ná duine a thugas masla cainte dá bhráthair nach dtabharfar roimh an ardchomhairle, ná duine a deir ‘A amadáin!’ nach baol dó tinte ifrinn. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara22 Acht deirim-se libh: cibé a mbíonn fearg air le n-a dhearbhráthair, béidh sé cionntach do’n bhreitheamhnas. Agus cibé a déarfas le n-a dhearbhráthair, Raca, béidh sé cionntach do’n chómhairle. Agus cibé a déarfas, a amadáin, béidh sé cionntach do theinidh ifrinn. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)22 Cibé duine atá i bhfeirg le n‐a bhráthair, béidh seisean cionntach do’n bhreitheamhnas; agus cibé duine adéarfas, Racá, le n‐a bhráthair, béidh sé cionntach do’n Árd‐chómhairle, agus cibé duine adéarfas, A phleidhce, béidh teine Gehenna tuillte aige. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)22 Achd a deirimsi ribh, Gach neach do ní fearg re na dhearbhráthair gan adhbhar budh cionntach don bhreitheamhnus é: agus gíodh bé neach a déaruidh ré na dhearbhráthair, Raca, budh cionntach do bhreith na comhairle é: agus giodh bé a déaruidh, A amadain, budh cionntach é do theinigh ifeirn. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201222 Ach is é a deirim-se libh, duine ar bith a bhíonn i bhfeirg lena bhráthair, beidh air freagairt ann don bhreithiúnas, agus má deir aon duine lena bhráthair ‘Ceann baoth’, beidh air freagairt ann don tsainidrín; agus má deir sé ‘Amadán’ leis, beidh air freagairt ann i dtine Ifrinn. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198122 Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhíonn i bhfeirg lena bhráthair, beidh air freagairt ann don bhreithiúnas, agus má deir aon duine lena bhráthair ‘Ceann baoth’, beidh air freagairt ann don tsainidrín; agus má deir sé ‘Amadán’ leis, beidh air freagairt ann i dtine ifrinn. Féach an chaibidil |
Agus bhíodh cuid d’ollamhnaibh na n-Epicúrach águs na Stóiceách ag cur air, agus deireádh cuid acu: Cad ’tá ó’n bhfear so n-á bhfuil an chainnt go léir aige? Ansan deireadh tuille acu: Déithe nua atá aige ’á chráobhsgaoile, is dócha; mar bhí sé ag cainnt leó i dtáobh Íosá agus i dtáobh na h-aiseiríghe.
Agus nuair airíghdar an chainnt sin chuadar isteach sa teampul go moch ar maidin agus bhíodar ag teagasg. Agus ansan tháinig an t-árdshagart agus na daoine a bhí i n’fhochair agus chruinníghdar cómhairle, agus seanóirí clainne Israéil go léir, agus chuireadar fios ortha chun an phríosúin, go dtabharfí chúcha iad.