Matha 5:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)22 Cibé duine atá i bhfeirg le n‐a bhráthair, béidh seisean cionntach do’n bhreitheamhnas; agus cibé duine adéarfas, Racá, le n‐a bhráthair, béidh sé cionntach do’n Árd‐chómhairle, agus cibé duine adéarfas, A phleidhce, béidh teine Gehenna tuillte aige. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)22 Ach is é deirim libh, nach bhfuil duine dá dtéann i bhfeirg lena bhráthair nach dtabharfar breith air; ná duine a thugas masla cainte dá bhráthair nach dtabharfar roimh an ardchomhairle, ná duine a deir ‘A amadáin!’ nach baol dó tinte ifrinn. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara22 Acht deirim-se libh: cibé a mbíonn fearg air le n-a dhearbhráthair, béidh sé cionntach do’n bhreitheamhnas. Agus cibé a déarfas le n-a dhearbhráthair, Raca, béidh sé cionntach do’n chómhairle. Agus cibé a déarfas, a amadáin, béidh sé cionntach do theinidh ifrinn. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)22 Achd a deirimsi ribh, Gach neach do ní fearg re na dhearbhráthair gan adhbhar budh cionntach don bhreitheamhnus é: agus gíodh bé neach a déaruidh ré na dhearbhráthair, Raca, budh cionntach do bhreith na comhairle é: agus giodh bé a déaruidh, A amadain, budh cionntach é do theinigh ifeirn. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)22 Ach deirim-se libh, gach duine atá i bhfeisg le n-a bhráthair beidh sé ciontach do’n bhreitheamhantas. An t-é ámhthach a déarfaidh le n-a bhráthair, Raca, beidh sé ciontach do’n chómhairle. Agus an t-é a déarfaidh, A amadáin, beidh sé ciontach cun teine ifrinn. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201222 Ach is é a deirim-se libh, duine ar bith a bhíonn i bhfeirg lena bhráthair, beidh air freagairt ann don bhreithiúnas, agus má deir aon duine lena bhráthair ‘Ceann baoth’, beidh air freagairt ann don tsainidrín; agus má deir sé ‘Amadán’ leis, beidh air freagairt ann i dtine Ifrinn. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198122 Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhíonn i bhfeirg lena bhráthair, beidh air freagairt ann don bhreithiúnas, agus má deir aon duine lena bhráthair ‘Ceann baoth’, beidh air freagairt ann don tsainidrín; agus má deir sé ‘Amadán’ leis, beidh air freagairt ann i dtine ifrinn. Féach an chaibidil |
Agus do bhíodh cuid d’fheallsamhnaibh na nEpicúrach agus na Stóiceach ag conspóid leis. Agus adubhairt cuid aca, Créad atá le rádh ag an duine cainnteach so? Adubhairt cuid eile, Is cosmhail gur duine é atá ag fógairt déithe coimhightheach: toisc go raibh sé ag innsint i dtaobh Íosa agus i dtaobh an aiséirghe.
Agus ar n‐a chlos sin dóibh, do chuadar isteach san teampall le breacadh an lae, agus do bhíodar ag teagasc. Acht tháinig an t‐árd‐shagart agus siad‐san do bhí ’n‐a fhochair, agus do chruinnigheadar an árd‐chómhairle agus seanóirí clainne Israel, agus chuireadar teachtaí chum an phríosúin, go dtabharfaidhe cuca iad.