Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 5:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhíonn i bhfeirg lena bhráthair, beidh air freagairt ann don bhreithiúnas, agus má deir aon duine lena bhráthair ‘Ceann baoth’, beidh air freagairt ann don tsainidrín; agus má deir sé ‘Amadán’ leis, beidh air freagairt ann i dtine ifrinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Ach is é deirim libh, nach bhfuil duine dá dtéann i bhfeirg lena bhráthair nach dtabharfar breith air; ná duine a thugas masla cainte dá bhráthair nach dtabharfar roimh an ardchomhairle, ná duine a deir ‘A amadáin!’ nach baol dó tinte ifrinn.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Acht deirim-se libh: cibé a mbíonn fearg air le n-a dhearbhráthair, béidh sé cionntach do’n bhreitheamhnas. Agus cibé a déarfas le n-a dhearbhráthair, Raca, béidh sé cionntach do’n chómhairle. Agus cibé a déarfas, a amadáin, béidh sé cionntach do theinidh ifrinn.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Cibé duine atá i bhfeirg le n‐a bhráthair, béidh seisean cionntach do’n bhreitheamhnas; agus cibé duine adéarfas, Racá, le n‐a bhráthair, béidh sé cionntach do’n Árd‐chómhairle, agus cibé duine adéarfas, A phleidhce, béidh teine Gehenna tuillte aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Achd a deirimsi ribh, Gach neach do ní fearg re na dhearbhráthair gan adhbhar budh cionntach don bhreitheamhnus é: agus gíodh bé neach a déaruidh ré na dhearbhráthair, Raca, budh cionntach do bhreith na comhairle é: agus giodh bé a déaruidh, A amadain, budh cionntach é do theinigh ifeirn.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Ach deirim-se libh, gach duine atá i bhfeisg le n-a bhráthair beidh sé ciontach do’n bhreitheamhantas. An t-é ámhthach a déarfaidh le n-a bhráthair, Raca, beidh sé ciontach do’n chómhairle. Agus an t-é a déarfaidh, A amadáin, beidh sé ciontach cun teine ifrinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Ach is é a deirim-se libh, duine ar bith a bhíonn i bhfeirg lena bhráthair, beidh air freagairt ann don bhreithiúnas, agus má deir aon duine lena bhráthair ‘Ceann baoth’, beidh air freagairt ann don tsainidrín; agus má deir sé ‘Amadán’ leis, beidh air freagairt ann i dtine Ifrinn.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 5:22
93 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic a dheartháireacha gur mhó an cion a bhí ag a n‑athair air ná ar aon duine eile dá chlann, thugadar fuath dó agus ní fhéadfaidís oiread is focal muinteartha a labhairt leis.


Dúirt a dheartháireacha leis: “An amhlaidh atá tú chun a bheith i do rí orainn? Nó an amhlaidh atá tú chun a bheith i do thiarna orainn?” Is mó fós an fuath a thug siad dó de bharr a thaibhreamh agus a chuid cainte.


Seo mar a bhí sé ag mallachtaigh: “Beir as, beir as, a fhir na fola, a chladhaire!


Ag teacht abhaile do Dháiví chun a theaghlach a bheannú, chuaigh Míceal iníon Shóil amach ina choinne: “Nach breá an cháil,” ar sí, “a thuill rí Iosrael dó féin inniu, á nochtadh féin os comhair chailíní a shearbhóntaí, mar a dhéanfadh aon chrosán é féin a nochtadh.”


Chuaigh Acháb abhaile agus gruaim agus crá air mar gheall ar fhocail Nábót ó Izréil: “Ní thabharfaidh mé oidhreacht mo shinsear duit.” Luigh sé ar a leaba agus d'iompaigh a aghaidh ó radharc agus dhiúltaigh sé bia a ithe.


Chuir an físí fearg ar Ásá agus chuir an rí i ngeimhle i gcarcair é le barr feirge leis dá bharrsan; san am céanna thosaigh Ásá ar chos ar bolg a imirt ar chuid den phobal freisin.


Cheap sé breithiúna ar fud na tíre i gcathracha daingne Iúdá go léir ceann ar cheann.


Dúirt mé leo: “Ár gcomhGhiúdaigh a díoladh le strainséirí, rinneamar iad a fhuascailt chomh fada agus a b'fhéidir dúinn, ach seo sibhse anois ag reic bhur mbráithre le go ndéanfaí iad a dhíol ar ais linne!” Bhíodar ina dtost agus níor fhan focal le rá acu.


Labhraíonn siad liom i mbriathra éithigh, timpeallaíonn siad mé le briathra an fhuatha; tugann siad fúm gan fáth.


Do stiúrthóir an chóir. [Salm le] Dáiví. Deir an t‑amadán ina chroí: “Níl aon Dia ann.” Tá siad truaillithe: déanann siad gníomhartha gránna; níl aon duine maith ann.


Ní náireofar a gcuireann a ndóchas ionat ach an dream a fheallann gan ábhar ar iontaoibh.


An dream atá ina naimhde gan chúis dom, nár dhéana siad gairdeas umam. Agus an dream a thugann fuath dom gan fáth, nár chaocha siad a súile orm.


Cuir uait an fraoch agus an fíoch; ná bí i bhfeirg, óir ní thiocfaidh di ach dochar;


Ní thig leis síorbheatha a cheannach le súil nach bhfeice sé an uaigh.


D'éirigh mé cortha de bheith ag glaoch; tá mo scornach tirim. Tá radharc mo shúl ag meath orm agus mé ag feitheamh le mo Dhia.


A Thiarna Dia, má rinne mé an ní seo, má rinne mé urchóid le mo lámha,


Nach éachtach iad d'oibreacha, a Thiarna! nach domhain iad go dearfa do smaointe!


Bíonn fear na céille gaoismhear ach bíonn an t‑amadán gan smacht gan aire.


Tarraingíonn caint an amadáin aighneas air féin, agus tugann a bhéal cuireadh chun é a léasadh.


Gorfaidh an phatraisc uibheacha nár rug sí, is mar sin don fhear a bhain saibhreas, agus nach le ceart; ní mór dó scarúint leis i lár a laethanta, agus ina chríoch dhéanach fágfar ina amadán é.”


An dream a bhí ina naimhde agam gan chúis, chuaigh siad sa tóir orm mar éan.


“Beidh brat náire ort faoin bhforéigean a rinneadh ar do bhráthair Iósaef, agus rachaidh tú ar ceal go brách.


Ach b'olc an mhaise duit gur gheal leat cás do bhráthar lá a mhí-áidh; go ndearna tú lúcháir faoi mhuintir Iúdá, lá a mífhortúin, agus maíomh lá na duainéise.


Seachnaígí sibh féin ar dhaoine, mar tabharfaidh siad ar láimh do na sainidríní sibh, agus sciúrsálfaidh siad ina sionagóga sibh,


“Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t‑anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann.


Ach nuair a chuala na Fairisínigh é sin, dúirt siad: “Ní chaitheann an duine seo na deamhain amach ach trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan.”


Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.”


Tháinig Peadar chuige ansin agus dúirt leis: “A Thiarna, cé mhéad uair ba cheart dom pardún a thabhairt do mo bhráthair nuair a chiontaíonn i m'aghaidh? Go dtí seacht n‑uaire?”


Sin é freisin mar a dhéanfaidh m'Athair neamhaí libhse ach mura maitheann gach duine agaibh dá bhráthair féin ó chroí.”


“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ngabhann sibh thar farraigí agus ar fud tíortha chun aon duine amháin a iompú chugaibh, agus ar iompú dó, go ndéanann sibh mac mallachta de níos measa faoi dhó ná sibh féin.


“A nathracha nimhe, a sceith na bpéisteanna, conas a fhéadfaidh sibh teitheadh ó dhaorbhreith ifrinn?


Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: ‘Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal.


Bhí uachtaráin na sagart agus an tsainidrín ar fad ag lorg fianaise bréige in aghaidh Íosa d'fhonn é bhású,


Agus tháinig glór ó na flaithis a dúirt: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.”


Ach is é a deirimse libh, gan mionn ar bith a thabhairt: gan a thabhairt dar neamh, óir is é ríchathaoir Dé é;


Ach is é a deirimse libh, bíodh grá agaibh do bhur naimhde agus guígí ar son bhur ngéarleantóirí;


Agus bhí uachtaráin na sagart agus an tsainidrín uile ag lorg fianaise in aghaidh Íosa d'fhonn é chur chun báis, ach ní fhuair siad.


Ar maidin bhí a gcomhairle ullamh gan mhoill ag uachtaráin na sagart fara na seanóirí agus na scríobhaithe - an tsainidrín uile. Tar éis dóibh Íosa a cheangal, thug siad leo é agus thug ar láimh é do Phioláit.


Ach taispeánfaidh mé daoibh cé is eagal daoibh; bíodh eagla oraibh roimh an té a bhfuil ar a chumas, tar éis an mharaithe, neach a theilgean isteach in ifreann. Sea, deirim libh, bíodh eagla oraibh roimhe sin.


Nuair a bhí sé ina lá, chruinnigh comhairle sheanóirí an phobail le chéile - uachtaráin na sagart agus scríobhaithe. Sheol siad i láthair a n‑ardchomhairle é.


Thionóil na hardsagairt agus na Fairisínigh comhairle agus dúirt siad: “Cad atá á dhéanamh againn? Óir tá a lán míorúiltí á ndéanamh ag an duine seo.


Ach ionas go gcomhlíonfaí an focal atá scríofa sa dlí acu [é sin]: ‘Thug siad fuath dom gan chúis.’


D'fhreagair an slua: “Tá deamhan ionat! Cé atá ag iarraidh tú a chur chun báis?”


D'fhreagair na Giúdaigh agus dúirt siad leis: “Nach bhfuil an ceart againn nuair a deirimid gur Samárach thú agus go bhfuil deamhan ionat?” D'fhreagair Íosa:


Chuaigh cuid de na fealsaimh Eipiciúracha agus de na fealsaimh Stóchacha ag plé leis chomh maith. Deireadh cuid acu: “Céard atá ar siúl ag an síodrálaí seo?” Agus de chionn é bheith ag fógairt dhea-scéal Íosa agus an aiséirí, ís é a deireadh cuid eile acu: “Déithe éigin iasachta atá sé a fhógairt, is cosúil.”


Lá arna mhárach, d'fhonn a fháil amach cad é go cruinn a bhí á chur ina leith ag na Giúdaigh, scaoil sé é agus chuir fios ar na hardsagairt agus ar an tsainidrín ar fad. Ansin thug sé Pól anuas agus chuir ina sheasamh os a gcomhair é.


Labhair Pól leis an tsainidrín agus é ag cur na súl tríothu: “A bhráithre,” ar seisean, “níl scrupall dá laghad ar mo choinsias faoin gcuma inar iompair mé mé féin i bhfianaise Dé go dtí an lá atá inniu ann.”


Nó abradh an mhuintir seo féin cad é an cion a fuair siad ionam agus mé i mo sheasamh os comhair na sainidríne,


Mar sin de, d'ordaigh siad dóibh dul amach as halla na sainidríne agus chuaigh siad féin i gcomhairle le chéile.


Rinne siad rud air: chuaigh siad isteach sa Teampall le breacadh an lae agus chrom ar theagasc. Tháinig an t‑ardsagart agus a bhuíon, thionóil siad an tsainidrín - is é sin, seanad iomlán chlann Iosrael - agus chuir siad scéala chun an phríosúin na haspail a thabhairt i láthair.


Thug siad isteach iad agus chuir ina seasamh os comhair na sainidríne iad. Cheistigh an t‑ardsagart iad:


Ghríosaigh siad an pobal agus na seanóirí agus na scríobhaithe; ansin rith siad faoina dhéin, ghreamaigh eatarthu é agus sheol chun na sainidríne é.


Bhí a raibh ina suí sa tsainidrín ag faire go dlúth ar Stiofán agus thug siad faoi deara go raibh a ghnúis mar bheadh gnúis aingil.


Sin é an Maois céanna a dúirt le clann Iosrael: ‘Ardóidh Dia fáidh eile daoibh as bhur gcine féin faoi mar a d'ardaigh sé mise.’


Bíodh grá bráthar agaibh dá chéile agus tugaigí tús urraime dá chéile;


ná gadaithe ná santacháin ná meisceoirí ná cáinteoirí ná robálaithe - ní bhfaighidh siad ríocht Dé mar oidhreacht.


ach bráthair ag cur dlí ar bhráthair agus é a dhéanamh i láthair ainchreidmheach?


Ní bheidh, ar ndóigh, an tír choíche gan bhochtán; uime sin ordaím duit: Bí fial flaithiúil i gcónaí le do bhráthair, agus le haon duine i do thír atá ar an gcaolchuid nó dealbh.


“Ceap breithiúna agus feidhmeannaigh sna bailte go léir a bhronnann an Tiarna do Dhia ort do do threibheanna uile; tugaidís-sean a mbreith ar an bpobal de réir na ceartbhreithe.


gan éagóir ná calaois a dhéanamh ar bhráthair i gcúis dlí, mar go n‑agraíonn an Tiarna na nithe sin uile ar dhaoine faoi mar a dúramar agus mar a dhearbhaíomar daoibh cheana.


gan míchlú a chur ar dhuine ar bith ach bheith síochánta, cneasta, cineálta leis an uile dhuine ina n‑iompar ar fad.


Féachaigí chuige nach ndiúltóidh sibh éisteacht leis an té atá ag labhairt libh. Óir más rud é nár éalaigh na daoine sin slán a dhiúltaigh éisteacht leis an té a thug foláireamh dóibh ar talamh is lú go mór ná sin an chaoi éalaithe a bheidh againne má thugaimid ár gcúl leis an té a thugann foláireamh dúinn ó neamh.


Nuair a tháinig sé chun foirfeachta rinneadh údar slánaithe shíoraí de don uile dhuine a bhíonn umhal dó


An mian leat a fhios a bheith agat, a ghliogaire, nach bhfuil aon mhaith sa chreideamh gan dea-oibreacha?


Lasair an teanga chomh maith; is domhan coirpeachta í an teanga i measc ár mball, agus í ag truailliú an choirp ar fad, ag cur cúrsa an tsaoil trí thine, agus ifreann á cur féin ar lasadh.


Nuair a caitheadh achasán leis níor chaith sé achasán ar ais; nuair a bhí sé ag fulaingt ní dhearna sé bagairt, ach d'fhág sé a chúis faoin té a thugann breith go cóir.


Ná díolaigí olc ar olc, ná achasán ar achasán; ach a mhalairt, tugaigí beannacht; mar is chuige sin a glaodh oraibh, le go mba bheannacht a bheadh mar oidhreacht agaibh.


An té a deir go bhfuil sa solas agus gur fuath leis a bhráthair tá sé sin sa dorchacht i gcónaí.


Mar seo a léirítear cé hiad clann Dé agus cé hiad clann an diabhail; gach duine nach saothraíonn an fhíréantacht ní ó Dhia dó, agus is é a fhearacht sin ag an té nach dtugann grá dá bhráthair.


Má airíonn éinne a bhráthair ag déanamh peaca nach peaca chun báis é, cuireadh sé an duine sin faoi bhrí na guí agus tabharfaidh [Dia] dó an bheatha don dream nach peaca chun báis a bpeaca. Tá peaca ann ar peaca chun báis é; ní faoina leithéid sin a mholaim an ghuí a dhéanamh.


Ach nuair a bhí Mícheál Ardaingeal ag achrann leis an diabhal agus ag aighneas leis faoi chorp Mhaois, níor leomhaigh sé breith aithiseach a thabhairt air siúd, ach dúirt: “Go smachtaí an Tiarna thú.”


Agus teilgeadh an Bás agus Ifreann isteach sa linn tine. An linn tine sin an dara bás.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí