Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 5:12 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Bíodh móráil agus gáirdeachas oraibh, mar is mór é bhúr luacht-saothair ins na flathais; óir sin mar a ciapadh na fáidhe rómhaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Bíodh áthas agus lúcháir oraibh, mar is mór an luach saothair atá agaibh ar neamh, mar is ar an nós céanna a chuireadh na daoine géarleanúint ar na fáithe a bhíodh ann romhaibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Bíodh lúthgháir agus áthas oraibh, óir is ró-mhór bhur luach saothair ar neamh: Óir is mar sin a ghéirlean siad na fáidhe a tháinic rómhaibh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Bíodh áthas oraibh agus lúthgháir, mar is mór é bhúr luach saothair ar neamh; óir ar an gcuma chéadna is eadh do ciapadh na fáidhe tháinig rómhaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Biodh gaírdeachas, agus luáthgháir óruibh: óir is mór bhur lúaidheachd ar neamh: óir is mar sin do ghérleanadar na faidhe thaínic romhaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 “Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar Neamh; óir is mar sin a rinneadh géar-leanúint ar na fáithe a chuaigh romhaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 “Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar neamh; óir is mar sin a rinneadh géarleanúint ar na fáithe a chuaigh romhaibh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 5:12
51 Tagairtí Cros  

Óir tá Mac an Duine chun teacht i nglóire a Athar mar aon le n-a aingealaibh; agus ansan tabharfaidh sé do gach duine do réir a ghníomhartha.


Agus nuair a bheidh sibh ag déanamh trosgaidh ná bídhidh gruamdha ar nós na bhfeallairí; óir doirchighid siad a gceannacha, i dtreó go samhlóchadh na daoine iad a bheith ag déanamh trosgaidh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu.


A Ierúsalem, a Ierúsalem, a mharbhuigheann na fáidhe, agus a ghabhann do chlochaibh ar na daoine a curtar chúghat, cad é a mhinice dob’ áil liom do chlann a chruinniú, mar a chruinnigheann an t-éan a h-ál fé n-a sgiathánaibh, agus níos bh’áil leat!


Deinidh gáirdeachas an lá san, agus mórtais: óir féach, is mór é bhúr dtuarasdal ar neamh: óir is mar sin a dhein a sínsear é leis na fáidhibh.


Ach deinidh-se grádh thabhairt d’bhúr namhaid; deinidh maith, agus tugaidh iasacht uaibh, gan súil le nídh dh’á bhárr, agus beidh bhúr luacht saothair líonmhar, agus beidh sibh i nbhúr gclainn ag Dia na glóire; óir bíonn sé féin go maith do dhaoine ná gabhann a bhuidheachas leis, agus do dhroch-dhaoine.


I lár na h-óidhche, ámhthach, bhí Pól agus Sílas ag déanamh úrnuighthe agus ag moladh Dé, agus bhí na príosúnaigh ag éisteacht leó.


Ach d’imthighdar san a’ radharc na cómhairle agus áthas ortha toisg gur tuigeadh gur bh’ fhiú iad tarcuisne thabhairt dóibh le fulang mar gheall ar ainim Íosa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí