Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 5:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Bíodh áthas oraibh agus lúthgháir, mar is mór é bhúr luach saothair ar neamh; óir ar an gcuma chéadna is eadh do ciapadh na fáidhe tháinig rómhaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Bíodh áthas agus lúcháir oraibh, mar is mór an luach saothair atá agaibh ar neamh, mar is ar an nós céanna a chuireadh na daoine géarleanúint ar na fáithe a bhíodh ann romhaibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Bíodh lúthgháir agus áthas oraibh, óir is ró-mhór bhur luach saothair ar neamh: Óir is mar sin a ghéirlean siad na fáidhe a tháinic rómhaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Biodh gaírdeachas, agus luáthgháir óruibh: óir is mór bhur lúaidheachd ar neamh: óir is mar sin do ghérleanadar na faidhe thaínic romhaibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Bíodh móráil agus gáirdeachas oraibh, mar is mór é bhúr luacht-saothair ins na flathais; óir sin mar a ciapadh na fáidhe rómhaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 “Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar Neamh; óir is mar sin a rinneadh géar-leanúint ar na fáithe a chuaigh romhaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 “Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar neamh; óir is mar sin a rinneadh géarleanúint ar na fáithe a chuaigh romhaibh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 5:12
51 Tagairtí Cros  

Óir tiocfaidh Mac an Duine i nglóir a Athar mar aon le n‐a ainglibh; agus annsin chúiteochaidh sé gach aoinneach de réir a ghníomhartha.


Agus nuair bhíos sibh i n‐bhúr dtroscadh, ná bidhidh gruamdha ar nós luchta an fhuar‐chrábhaidh: óir dorchuighid‐sean a gceann‐aighthe chum go bhfeicfidh na daoine go bhfuilid ’n‐a dtroscadh. Adeirim libh go fírinneach go bhfuil a luach‐saothair fághálta aca.


A Iarúsalem, a Iarúsalem, mharbhas na fáidhe, agus ghabhas de chlochaibh ortha‐san a curtar chugat! cad é a mhinicighe dob’ áil liom do chlann do chruinniú le chéile, mar chruinnuigheas cearc a h‐ál féin fá n‐a sciathánaibh, agus níorbh áil leat é!


Déanaidh gáirdeachas, an lá sin, agus léimneach: óir féach, is mór é bhúr luaigheacht ar neamh: óir is mar sin do‐rinne a sinnsir é leis na fáidhibh.


Acht tabhraidh‐se grád do bhúr náimhdibh, agus déanaidh maith, agus tabhraidh iasacht uaibh gan bheith ag súil le h‐aiseag; agus béidh bhúr luaigheacht an‐mhór, agus béidh sibh ’n‐bhúr gclainn ag an Té is Aoirde: óir bíonn sé cineálta le lucht an díombuidheachais agus le droch‐dhaoinibh.


Acht timcheall uaire an mheadhoin oidhche do bhí Pól agus Sílas ag urnaighe agus ag canadh iomann do Dhia, agus na príosúnaigh ag éisteacht leo;


Agus d’imthigheadar‐san as láthair na h‐árd‐chómhairle, agus athás mór ortha de chionn gur measadh gurbh fhiú iad easonóir d’fhulang ar son an Ainme.


Agus thairis sin, is adhbhar mórtais dúinn ár gcathuighthe féin; agus a fhios againn go dtugann cathú foighid;


Anois is ionann an té chuireas síol agus an té chraitheas uisce; acht do‐gheobhaidh gach aoinneach a thuarastal féin do réir a shaothair.


Óir, ár gcrádh beag éadtrom, nach maireann acht tamall gearr, soláthruigheann sé dhúinn carn glóire síorraidhe atá gan chuimse;


toisc go bhfuil bronnta oraibh‐se, ar son Chríost, ni h‐é amháin creideamhain ann, acht fulang ar a shon, leis:


’Seadh, agus má doirtthear mé mar ofráil dighe os cionn íodhbairte agus seirbhíse bhur gcreidimh, do‐ghním gáirdeachas, agus do‐ghním bród i n‐éinfheacht libh‐se go léir:


Do‐ghním gáirdeachas anois i lár mo bhuaidheartha ar bhur son, agus líonaim suas im’ fheoil féin an méid de phiantaibh Chríost atá i n‐easnamh ar son a chuirp,


agus ní do dhaoinibh é; agus a fhios agaibh go bhfaighidh sibh an oidhreacht mar luaigheacht ó’n Tighearna: is do’n Tighearna Críost atá sibh ag déanamh seirbhíse.


do mharbhuigh an Tighearna Íosa agus na fáidhe, agus do ruaig amach sinne, agus nach dtaithneann le Dia, agus atá i n‐aghaidh an uile dhuine;


Óir thug sibh truagh do na daoinibh do bhí i ngeimhleachaibh, agus do ghlac sibh go fonnmhar le creachadh bhur maoine, agus a fhios agaibh go bhfuil maoin is fearr ’ná sin ionnaibh féin, maoin shíorbhuan.


g‐á mheas gur mó dob’ fhearr masla Chríost mar shaidhbhreas ’ná seoda na hÉigipte: óir do bhí sé ag súil leis an luach saothair.


daoine do chlaoidh ríoghachta tré chreideamh, do rinne an ceart, fuair na geallamhnacha, do dhún béal na leomhan,


agus gan creideamh ní féidir taithneamh leis: óir an té thig chum Dé, ní foláir dó a chreideamhain go bhfuil sé ann, agus go dtugann sé luach a saothair do na daoinibh loirgeas é.


Ná measaidh acht gur adhbhar áthais ar fad é, a bhráithre,


Glacaidh mar shompla fulaing agus foidhne, a bhráithre, ná fáidhe do labhair i n‐ainm an Tighearna.


acht ó tá sibh rannpháirteach ’n‐ar fhulaing Críost, déanaidh gáirdeachas; chum go mbéidh áthas agus árd‐mheanma oraibh, chómh maith, nuair foillseochar a ghlóir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí