Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 5:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Is sibh‐se salann na talmhan: acht má chailleann an salann a bhlas, créad le n‐a saillfear é athuair? Ní fhuil aon mhaith ann feasta acht go gcaithfidhe amach é, agus go mbéadh sé ’n‐a chosair‐easair ag na daoinibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 “Is sibhse salann an domhain; ach má chailleann an salann a bhlas, conas a dhéanfar goirt arís é? Níl úsáid ann, ach a chaitheamh amach faoi chosa na ndaoine.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Is síbh-se salann an talaimh. Acht má chailleann an salann a bhrígh, cá leis a ndéanfar salann de? Ní bhíonn de mhaith ann annsin, acht a chaitheamh amach, agus a bhrúghadh faoi chosa daoine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Is sibhsi salann na tulmhan: gidheadh dá ccaillfeadh an salann a bhlas, creúd lé a saillfidhthear é? ni bhfuil féidhm air ó sin súas, achd a thilgean a mach, agus a shailart fá chosaibh dáoine.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Is sibh-se salann na talmhan. Ach má théigheann an salann i leamhas conus a déanfar salann airís de? Ní’l de mhaith ann feasta ach go gcaithfí amach é agus go ngeóbhfaí do chosaibh daoine ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 “Is sibh-se salann na talún. Ach má éiríonn an salann leamh, cad a dhéanfaidh goirt arís é? Níl tairbhe ann feasta chun rud ar bith, ach é a chaitheamh amach mar a ngabhfar de chosa ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

13 “Is sibhse salann na talún. Ach má éiríonn an salann leamh, cad a dhéanfaidh goirt arís é? Níl tairbhe ann feasta chun rud ar bith, ach é a chaitheamh amach mar a ngabhfar de chosa ann.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 5:13
8 Tagairtí Cros  

Bíodh salann an ghrása mar bhlás ar bhur gcainnt, chum go mb’ eol daoibh freagra do thabhairt do gach aoinneach.


nach móide go mór, an measann sibh, an pionós bhéas tuilte ag an té do shatail fá chois Mac Dé, agus thug tarcuisne d’fhuil an chonnartha le n‐ar naomhuigheadh é, agus thug masla do Spiorad an ghrása?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí