Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 5:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Is sibh‐se solas an domhain. Cathair atá ar chnoc ní féidir a cheilt.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 “Is sibhse crann solais an domhain. Ní féidir cathair a bhíos ar mhullach cnoic a cheilt.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Is síbh-se solus an domhain. Ní féidir cathair atá suidhte ar shliabh d’fholach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Is sibhsi solus an domhain. Ní héidir cathair atá ar na suighiughadh ar shlíabh dfolach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Is sibh-se solus an domhain. Cathair ar chnoc ní féidir í dh’fholachadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 Is sibh-se solas an domhain. Cathair ar mhullach cnoic ní féidir í a cheilt.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

14 Is sibhse solas an domhain. Cathair ar mhullach cnoic ní féidir í a cheilt.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 5:14
16 Tagairtí Cros  

An fhaid atá an solas agaibh, creididh sa tsolas, chum go mbéidh sibh ’n‐bhúr gclainn do’n tsolas. Do labhair Íosa an méid sin, agus d’imthigh sé agus do cheil sé é féin ortha.


Ba eisean an lóchrann ar lasadh agus ag soillsiú: agus ar feadh tréimhse níor mhisde libh‐se aoibhneas d’fhágháil ’n‐a sholas.


Annsin do labhair Íosa leo arís, g‐á rádh, Is mise solas an domhain, an té leanas mé ní siubhalfaidh sé i ndorchadas, acht béidh solas na beathadh aige.


An fhaid atáim ar an saoghal, is mise solas an tsaoghail.


Ná bidhidh fá chuing i n‐éinfheacht le lucht dí‐chreidimh: óir cia an cáirdeas atá ag fíréantacht le h‐éagcóir? nó cia an cumann atá ag an solas leis an dorchacht?


chum go mbéidh sibh gan locht, gan aineamh, ’n‐bhur gclainn Dé gan smál i lár cinidh chaim, chuirpthigh, go bhfuil sibh ’n‐a measc amhail soillsí san tsaoghal,


Clann an tsolais agus clann an lae is eadh sibh go léir; ní daoine de chlainn na h‐oidhche, ná de chlainn na dorchachta sinn.


rúindiamhair na seacht réalta do chonnacais im’ láimh dheis, agus na seacht gcoinnleoir óir. Is iad na seacht réaltana aingle na seacht eaglais, agus is iad na seacht gcoinnleoirí óir na seacht h‐eaglaisí.


Chuimhnigh, d’á bhrigh sin, ar an áirde ó n‐ar thuitis, agus déan aithrighe, agus déan do chéad‐oibreacha; nó tiocfad‐sa chugat, agus aistreochad do choinnleoir as a ionad, muna ndéanaidh tú aithrighe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí