Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 5:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Is aoibhinn daoibh-se nuair a déanfar spídiú oraibh agus ciapadh, agus an uile shaghas tromaidheachta éithigh, mar gheall orm-sa;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 “Is beannaithe sibh féin nuair a bhíos na daoine ag fonóid fúibh agus ag cur géarleanúna oraibh agus gach uile dhrochfhocal á rá acu fúibh go bréagach mar mhaithe liomsa.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Is beannuighthe sibh-se nuair a bhéarfar achmhusán díbh, agus chuirfear géirleanamhaint oraibh, agus déarfar gach olc i bhur n-aghaidh go bréagach, mar gheall orm-sa;

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Is aoibhinn daoibh‐se nuair do‐bhéarfar tarcuisne dhaoibh, agus nuair ciapfar sibh, agus nuair adéarfar gach aon fhocal bréagach ’n‐bhúr n‐aghaidh, ar mo shon‐sa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Is beannuighthe bheithí, an tan imdheargfuid dáoine sibh, agus dhibeoruid sibh, agus a déuruid gach uile dhrochfhocal ribh go bréugach, ar mo shonsa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 “Is méanar daoibh féin nuair a thabharfar aithis daoibh agus a ghéarleanfar sibh, agus nuair a chuirfear gach sórt droch-rud in bhur leith go bréagach mar gheall orm-sa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 “Is méanar daoibh féin nuair a thabharfar aithis daoibh agus a ghéarleanfar sibh, agus nuair a chuirfear gach sórt drochrud in bhur leith go bréagach mar gheall ormsa.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 5:11
32 Tagairtí Cros  

Agus béarfaid siad i láthair ríghthe agus uachtarán sibh mar gheall orm-sa mar fhiadhnaise dhóibh-sin agus dos na geintibh.


Agus beidh fuath ag gach duine dhaoibh-se mar gheall ar m’ainim-se; Ach an t-é sheasóchaidh amach go deire isé a slánófar.


Is leór do’n deisgiobuil bheith mar a mháighistir, agus do’n tseirbhíseach bheith mar a thighearna. Má thugadar Beelsebub ar fhear an tighe, nách mó ’ná san a thabharfaid siad ar mhuintir a thighe é?


An t-é a gheobhaidh a anam féin caillfidh sé é; agus an t-é a chaillfidh a anam féin ar mo shon-sa, gheobhaidh sé é.


Agus gach duine a dh’fhágfaidh a thigh, nó a dhritháracha, nó a dhriféaracha, nó a athair, nó a mháthair, nó a bhean, nó á chlann, nó a chuid tailimh, ar son m’ainime-se, gheobhaidh sé fó chéad, agus beidh an bheatha shíoruidhe aige.


Ansan cuirfid siad sibh-se i gcruadhtan, agus cuirfid siad chun báis sibh; agus beidh fuath ag na geintibh go léir daoibh mar gheall ar m’ainim-se.


Agus an mhuintir a ghabhadh thairis thugaidís masla dhó, ag crothadh a gcinn,


Agus beidh fuath ag gach aoinne dhaoibh mar gheall ar m’ ainim-se. Ach an t-é a bheidh seasamhach go deire isé a raghaidh slán.


Ach féachaidh chúghaibh féin. Óir tabharfaid siad i láthair na gcómhairlí sibh, agus sgiúrsálfar sibh ins na sinagógaibh, agus seasóchaidh sibh i láthair ríghthe agus uachtarán mar gheall orm-sa, mar fhiadhnaise dhóibh-sin.


Agus ní’l an phréamh acu ionta féin, ach seasuighid siad ar feadh tamaill; ansan, nuair a thagann an trioblóid, agus an cath d’á chur ortha mar gheall ar an mbriathar, glacaid siad sgannal láithreach.


Óir, an t-é gur mian leis a anam do shaoradh, caillfidh sé a anam; agus an t-é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa agus ar son an tsoisgéil, saorfaidh sé a anam.


Ach roim theacht do sna neithibh sin go léir cuirfid siad a lámha oraibh-se agus crádhfaid siad sibh, ag bhúr mbreith i láthair na sinagóg, agus ins na prísúnaibh; ag bhúr dtarang i láthair ríghthe agus i láthair uachtarán, mar gheall ar m’ainim-se.


Agus beidh fuath ag gach aoinne dhaoibh mar gheall ar m’ainim-se.


Is aoibhinn daoibh-se nuair a thabharfaid na daoine fuath dhaoibh, agus a shéanfaid siad sibh, agus thabharfaid siad tarcuisne dhaoibh, agus nuair a chuirfid siad bhúr n-ainim amach ’n-a droch-ainim, mar gheall ar Mhac an Duine.


Óir an t-é gur maith leis a anam féin do shábháil, caillfidh sé é; agus an t-é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa, sábhálfaidh sé a anam.


Ach déanfaid siad na neithe sin go léir libh mar gheall ar m’ ainim-se, toisg gan aithne bheith acu ar an t-é a chuir uaidh mé.


Ansan do thugadar droch-chaint dó agus dubhradar: Bí-se ad’ deisgiobul aige; is do Mhaois is deisgiobuil sinne.


Mar taisbeánfadsa dó cad iad na néithe móra atá le fulang aige ar son m’ainime.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí