Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 5:10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Is aoibhinn do’n mhuintir a dh’fhuilingeann crádh ar son fióraontachta, mar is leó san rígheacht na bhflathas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 “Is beannaithe lucht fulaingthe géarleanúna ar son an chirt, mar is leo ríocht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Is beannuighthe an dream a fhulaingeas géirleanamhaint ar son na córa: óir is leo ríoghacht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Is aoibhinn dóibh‐sean d’fhulaing géir‐leanamhain ar son fíréantachta; mar is leo‐san ríoghacht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Is beannuighthe an dream fhuilngeas dochar ar son na córa: óir is léo ríoghachd neimhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 “Is méanar dóibh seo a dʼfhulaing géar-leanúint mar gheall ar an bhfíréantacht, óir is leo Ríocht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 “Is méanar dóibh seo a d'fhulaing géarleanúint mar gheall ar an bhfíréantacht, óir is leo ríocht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 5:10
30 Tagairtí Cros  

Ach nuair a déanfar géarleanmhaint oraibh sa chathair sin, imthighidh go cathair eile: Go deimhin adeirim libh, ní bheidh catharacha Israéil siúbhalta agaibh sar a dtiocfidh Mac an Duine.


Ach dubhairt Íosa leó: Leigidh chúgham an mhuintir bheag, agus ná coisgidh iad; óir is le n-a leithéidí sin rígheacht na bhflathas.


Ansan déarfaidh an Rí leis an muintir a bheidh ar a láimh dheis: Téanaidh, a dhaoine beannuighthe le m’Athair, agus sealbhuighidh an rígheacht atá ollamh daoibh ó chruithniú an domhain:


Is aoibhinn dos na bochtaibh sa spioraid, mar is leó san rígheacht na bhflathas.


Agus chonaic Íosa iad, agus ghlac sé díombádh, agus dubhairt sé leó: Leigidh chúgham na leanbhaí, agus ná bídhidh ghá gcosg, óir is d’á leithéidí sin flathas Dé.


Ná faighidh a chéad oiread sa n-aimsir seo anois, tighthe, agus dritháracha agus driféaracha, agus máithreacha, agus clann, agus talamh, mar aon le crádh; agus an bheatha shíoruidhe sa tsaoghal atá le teacht.


Ach roim theacht do sna neithibh sin go léir cuirfid siad a lámha oraibh-se agus crádhfaid siad sibh, ag bhúr mbreith i láthair na sinagóg, agus ins na prísúnaibh; ag bhúr dtarang i láthair ríghthe agus i láthair uachtarán, mar gheall ar m’ainim-se.


Agus tugaim-se dhaoibh-se rígheacht, fé mar a thug m’Athair dómh-sa;


Agus tóg sé suas a shúile agus d’fhéach sé ar a dheisgiobuil agus dubhairt: Is aoibhinn daoibh-se a daoine atá bocht, óir is libh rígheacht Dé.


Is aoibhinn daoibh-se nuair a thabharfaid na daoine fuath dhaoibh, agus a shéanfaid siad sibh, agus thabharfaid siad tarcuisne dhaoibh, agus nuair a chuirfid siad bhúr n-ainim amach ’n-a droch-ainim, mar gheall ar Mhac an Duine.


Cuimhnighidh ar an bhfocal adubhart libh: Ní’l an seirbhíseach níos mó ’ná a mhaighistir. Má dheineadar géarleanmhaint orm-sa déanfaid siad géarleanmhaint oraibh-se, leis; má choimeádadar mo bhréithre-se, coimeádfaid siad bhúr mbréithre-se, leis.


Ansan do ghlaodhadar isteach na h-Aspoil agus do sgiúrsáladar iad agus dubhradar leó gan labhairt i n-aon chor i n-ainim Íosa. Ansan do chuireadar chun siubhail iad.


Ansan do deinead, ins na laethibh sin íde ana-dhian ar an eaglais a bhí i nIerúsalem agus do sgaipeadh na daoine go léir tré chríochaibh Iúdaéa agus Shamaría, ach amháin na h-Aspoil.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí