Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 5:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Is aoibhinn do lucht an chroidhe ghlain, mar dochífid‐sean Dia. Is aoibhinn do lucht na síothchána do dhéanamh,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 “Is beannaithe lucht na gcroíthe glana, mar feicfidh siad Dia.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Is beannuighthe lucht an ghlan-chroidhe: óir tchífhidh siad Dia.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Is beannuighthe na daóine na dáoine atá glan ná gcroidhe: óir do chífidh síad Día.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Is aoibhinn do lucht an chroidhe ghlain, mar isiad a gheóbhaidh radharc ar Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 “Is méanar dóibh seo atá glan ó chroí, óir feicfidh siad Dia.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 “Is méanar dóibh seo atá glan ó chroí, óir feicfidh siad Dia.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 5:8
25 Tagairtí Cros  

agus ní dhearna sé deifridheacht ar bith idir sinne agus iad‐san ag glanadh a gcroidhe le creideamh.


Óir chímíd anois mar bhéadh go doiléir i scathán; acht chífimíd éadan a chéile an t‐am sin: anois atá aithne neamh‐chruinn againn, acht aithneochad an t‐am sin fá mar aithnightear mé féin.


Ó thárla na geallamhnacha sin bheith againn, a cháirde ionmhaine, glanaimís dínn féin gach smál colna agus spioraid, ag cur naomhachta i gcrích i n‐eagla Dé.


Is glan gach nidh do’n dream atá glan: acht ní glan éinnidh do’n dream neamh‐ghlan, díchreidmheach; acht atá fiú a n‐aigne féin agus a gcoinsias truaillighthe.


druidimís i bhfoigseacht dó, le fírinne croidhe, agus an creideamh daingnighthe ’n‐ár n‐aigne, agus ár gcroidheacha glanta ó dhroch‐choinsias, agus ár gcorp nighte le fíor‐uisce:


Loirgidh síothcháin leis an uile dhuine, mar aon leis an naomhthacht nach bhfeicfidh aoinneach an Tighearna ’n‐a h‐uireasbhaidh:


nach mó go mór dhéanfas fuil Chríost, an té d’íodhbair é féin gan smál do Dhia, tríd an Spiorad síorraidhe, bhur gcoinsias do ghlanadh ó ghníomharthaibh marbha chum seirbhís do dhéanamh do’n Dia síorraidhe?


Acht an eagnaidheacht atá ó neamh anuas, i gcéadóir atá sí glan‐úr, síothchánta, leis sin, ceannsa, so‐chómhairleach, gan cealg, gan fimíneacht.


Druididh le Dia, agus druidfidh seisean libh. Nighidh bhur lámha, a pheacacha, agus glanaidh bhur gcroidheacha go h‐iomlán, a lucht an dá chómhairle.


Ó thárla bhur n‐anmanna bheith glanta ag umhlú do’n fhírinne dhaoibh, chum fíor‐ghrádh na mbráthar do chothú, tabhraidh grádh ó chroidhe go dúthrachtach d’á chéile:


agus chífidh siad a ghnúis; agus béidh a ainm ar chláraibh a n‐éadain.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí