Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 5:28 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Ná déan adhaltrannas: acht adeirim‐se libh, cibé duine fhéachas ar mhnaoi go h‐ainmhianach, go bhfuil adhaltrannas déanta cheana aige léi, ’n‐a chroidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

28 Ach deirimse libh nach bhfuil duine dá dtugann amharc drúisiúil ar bhean nach bhfuil adhaltranas croí déanta aige léi cheana féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

28 Acht deirim-se libh: cibé a dhearcas ar mhnaoi le n-a sanntughadh, go mbíonn adhaltranas déanta aige léi cheana féin ina chroidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Achd a deirimsi ribh, Giodh bé neach fhéuchas air mhnáoi chum a sanntaighthe go ndearnuidh sé adhaltrannas lé cheana ann a chroidhe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Ach deirim-se libh, an t-é fhéachfaidh ar mhnaoí le dúil sa droch-ghníomh, go bhfuil peacadh an adhaltranais déanta cheana aige léi i n-a chroidhe féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

28 Ach is é a deirim-se libh, duine ar bith a bhreathnaíonn ar bhean le dúil inti, tá adhaltranas déanta aige léi cheana féin ina chroí.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 5:28
20 Tagairtí Cros  

Óir is as an gcroidhe amach thig droch‐smaointe, dúnmharbhadh, adhaltrannas, scriapachas, gadaidheacht, fiadhnaise éithigh, dia‐mhasladh:


Cibé duine atá i bhfeirg le n‐a bhráthair, béidh seisean cionntach do’n bhreitheamhnas; agus cibé duine adéarfas, Racá, le n‐a bhráthair, béidh sé cionntach do’n Árd‐chómhairle, agus cibé duine adéarfas, A phleidhce, béidh teine Gehenna tuillte aige.


acht adeirim‐se libh, gan cur i n‐aghaidh an uilc: acht cibé duine bhuailfeas thú ar an leacain deis, iompuigh chuige an leaca eile, leis.


Óir atá a fhios againn go bhfuil an dlighe spioradálta, acht atáim‐se colnaidhe, díolta leis an bpeacadh.


Atá súile lán d’adhaltrannas aca, súile nach scurann de’n pheacadh; ag mealladh na n‐anmann neamh‐sheasmhach; agus atá a gcroidheacha cleachta ar an sainnt;


Óir gach a bhfuil san tsaoghal, ainmhian na feola, ainmhian na súl agus uabhar an tsaoghail seo ní ó’n Athair atá siad, acht ó’n saoghal.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí