Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 5:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Is aoibhinn dóibh‐sean ar a bhfuil ocras agus tart chum fíréantachta, mar do‐gheobhaid a sáit.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 “Is beannaithe an lucht a mbíonn ocras agus tart orthu ar son an chirt, mar gheobhaidh siad sásamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Is beannuighthe an dream ar a mbíonn ocras agus tart na córa: óir sásóchar iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Is beannuighthe an dream air a bhfuíl ocras agus tart na córa: óir sáiseochthar iád.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Is aoibhinn do’n mhuintir go bhfuil ocras agus tart chun fióraontachta ortha, mar ’s iad a gheóbhaidh a sáith.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 “Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu, óir sásófar iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 “Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu, óir sásófar iad.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 5:6
29 Tagairtí Cros  

Do líon sé lucht an ocrais d’oll‐mhaitheasaibh; Agus do chuir sé folamh uaidh lucht an tsaidhbhris.


Is aoibhinn daoibh‐se ar a bhfuil ocras anois: óir sásóchar sibh. Is aoibhinn daoibh‐se atá ag gol anois: óir do‐ghéanaidh sibh gáiridhe.


Is mairg daoibh‐se atá sáitheach anois! óir béidh ocras oraibh. Is mairg daoibh‐se atá ag gáiridhe anois! óir béidh sibh ag caoi agus ag gol.


acht an t‐uisce do‐bhéarfad‐sa dhó, béidh sé ’n‐a thobar uisce ann ag brúchtghail chum na beathadh síorraidhe.


Ná saothruighidh an biadh théigheas amugha, acht saothruighidh an biadh mhaireas go dtí an bheatha shíorraidhe, an biadh bhéarfas Mac an Duine dhaoibh: óir is airsean do chuir an t‐Athair, Dia, a shéala.


Agus an lá deireannach de’n fhéile, an lá mór, do sheas Íosa agus do ghlaodh sé ós árd, Má tá tart ar aon duine, tagadh sé chugam‐sa, agus óladh sé.


Ní bhéidh ocras ná tart ortha choidhche; agus ní bhuailfidh an ghrian ná aon teas loiscneach ortha: óir an tUan atá i lár na righ‐chathaoireach,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí