Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 5:47 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

47 Agus muna mbeannuigheann sibh acht do bhúr mbráithribh amháin, créad do‐ghní sibh sa mbreis ar chách? Nach ndéanann na págánaigh féin é sin?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

47 Agus má bheannaíonn sibh do bhur mbráithre amháin, cad é a dhéanas sibh thar dhaoine eile? Nach ndéanann na Gintlithe féin mar an gcéanna?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

47 Agus muna mbeannuighidh sibh acht amháin do bhur mbráithre, cad é bhíos dá dhéanamh thar an choitcheann agaibh? Nach ndéan na págánaigh féin sin?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

47 Agus ma chuirthí fáilte roimh bhur ndearbhraithre féin amháin créud do níthi do bhárr air chách? A né deúnuid na puibliocáin mar an gcéudna?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

47 Agus mura ndeinidh sibh-se ach beannú d’bhúr ndrithárachaibh cad í an bhreis a dheineann sibh? Ná deinid na págánaigh féin an méid sin?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

47 Agus mura mbeannaíonn sibh ach do bhur mbráithre amháin, an ndéanann sibh aon ní thar na bearta? Nach ndéanann na págánaigh féin an rud céanna?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

47 Agus mura mbeannaíonn sibh ach do bhur mbráithre amháin, an ndéanann sibh aon ní thar na bearta? Nach ndéanann na págánaigh féin an rud céanna?

Féach an chaibidil Cóip




Matha 5:47
9 Tagairtí Cros  

Agus ag dul isteach sa tigh dhaoibh, beannuighidh dhó.


Óir adeirim libh, muna sáruighidh bhur bhfíréantachtsa fíréantacht na scríobhaidhe agus na bhFairisíneach, nach rachaidh sibh isteach i ríoghacht na bhflaitheas ar chor ar bith.


Óir má thugann sibh grádh dhóibh‐sean amháin ag a bhfuil grádh dhaoibh‐se, créad atá tuillte agaibh dhá bhárr? Nach ndéanann na poibleacáin féin é sin?


Caithfidh sibh, d’á bhrigh sin, bheith gan locht, fá mar atá bhúr nAthair neamhdha gan locht.


Agus má bheir sibh grádh dhóibh‐sean ag a bhfuil grádh dhaoibh, cad é an buidheachas atá ag dul daoibh? óir bíonn grádh ag na peacachaibh féin dóibh‐sean do‐bheir grádh dhóibh.


Beannuigheann Lúcás, liaigh grádhach, agus Démas daoibh.


Beiridh beannacht chum na mbráthar atá i Laodicia, agus chum Nimfa, agus chum na h‐eaglaise atá ’n‐a tigh.


Óir cia an t‐adhbhar maoidhmheachais é, nuair ghníos sibh peacadh, agus go bhfághann sibh droch‐íde d’á bhárr, é do ghlacadh go foighdeach? acht má ghlacann sibh go foighdeach é, nuair ghníos sibh mar ba cheart, is nidh sin thaithneas le Dia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí