Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 5:30 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Agus má bhíonn do lámh dheas ’n‐a h‐adhbhar scannail duit, gearr dhíot í, agus caith uait í; óir is fearr duit ball amháin ded’ bhallaibh do chailleamhain ’ná go gcuirfidhe do cholann ar fad i n‐ifreann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

30 Agus má bhíonn do lámh dheas ina ábhar peaca agat, gearr díot í agus caith uait í; mar is fearr aon bhall amháin de do bhaill a chailleadh ná go rachadh do chorp iomlán isteach in ifreann.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

30 Agus má bhíonn do lámh dheas ina cúis pheacaidh agat, gearr díot í, agus teilg uait í: óir is feárr duit aon bhall de do chuid a dhul amugha, ná dá dtéigheadh do chorp uilig go h-ifreann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Agus má bheir do lámh dheas sgannail dhuit, gear dhiot í, agus teilg uait í: óir is fear dhuit áonbhall dod bhallaibh do dhul a múgha, na do chorp uile theilgean go hifearn.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Agus ma’s trúig pheactha dhuit do lámh dheas, gearr anuas díot í agus caith uait í; óir is fearra dhuit ball ded’ bhallaibh do chailleamhaint ’ná do chorp go léir a dhul go h-ifreann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

30 Agus más siocair pheaca duit do lámh dheas, gearr anuas í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná go rachadh do chorp ar fad isteach in Ifreann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

30 Agus más siocair pheaca duit do lámh dheas, gearr anuas í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná go rachadh do chorp ar fad isteach in ifreann.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 5:30
19 Tagairtí Cros  

Agus is beannuighthe an té nach bhfaighidh adhbhar scannail ionnam‐sa.


acht ní fhuil aon fhréamh aige ann féin, acht seasann sé ar feadh scathaimh; agus nuair éirigheas trioblóid nó géirleanmhain, mar gheall ar an mbriathar, glacann sé scannal ar an láthair.


Acht d’iompuigh seisean, agus adubhairt sé le Peadar, Druid siar uaim, a Shátain: atáir‐se id’ cheap tuisle dhom: óir ní fhuil do dhearcadh ar a mbaineann le Dia, acht ar a mbaineann le daoinibh.


Acht, an eagla go dtiubhraimís scannal dóibh, imthigh‐se chum na fairrge, agus caith dubhán, agus tóg an chéad iasc thiocfas aníos; agus nuair fhosclóchas tú a bhéal, do‐gheobhair píosa airgid ann: glac é sin, agus tabhair dhóibh‐sean é ar mo shon‐sa agus ar do shon féin.


Agus má bheir do lámh nó do chos adhbhar scannail duit, gearr díot í, agus caith uait í: is fearr duit dul isteach sa mbeathaidh ar leath‐láimh nó ar leath‐chois, ’ná do dhá láimh agus do dhá chois do bheith agat agus thú chaitheamh sa teinidh shíorraidhe.


Acht níor fhan focal ’n‐a bhéal aige. Annsin adubhairt an rí leis an lucht freastail, Ceanglaidh a lámha agus a chosa, agus teilgidh amach é sa dorchacht amuigh; an áit ’n‐a mbéidh gol agus gíoscán fiacal.


Agus an té fuair na cúig tallanna, tháinig sé agus thug sé cúig tallanna sa mbreis leis, agus adubhairt, A thighearna, thugais cúig tallanna dhom: féach, atá cúig tallanna eile gnóthuighthe agam.


Annsin adubhairt Íosa leo, Do‐gheobhaidh sibh uile scannal ionnaim‐se anocht: óir atá scríobhtha, Buailfead an t‐aodhaire, agus scaipfear caoirigh an tréada.


Cibé duine atá i bhfeirg le n‐a bhráthair, béidh seisean cionntach do’n bhreitheamhnas; agus cibé duine adéarfas, Racá, le n‐a bhráthair, béidh sé cionntach do’n Árd‐chómhairle, agus cibé duine adéarfas, A phleidhce, béidh teine Gehenna tuillte aige.


Uime sin, má bhíonn do shúil dheas ’n‐a h‐adhbhar scannail duit, srac amach í agus caith uait í: óir is fearr duit ball amháin ded’ bhallaibh do chailleamhain ’ná go gcuirfidhe do cholann ar fad i n‐ifreann.


Agus má bhíonn do lámh ’n‐a h‐adhbhar scannail duit, gearr díot í; is fearr duit dul isteach sa mbeathaidh ar leath‐láimh, ’ná an dá láimh do bheith agat agus dul síos go h‐ifreann; sa teinidh nach múchtar.


Inneosad daoibh cia roimhe a mbéidh eagla oraibh: Bíodh eagla oraibh roimh an té go bhfuil ar chumas dó, tar éis duine do mharbhadh, é chur go h‐ifreann; is eadh, adeirim libh, Bíodh eagla oraibh roimhe‐sean.


Ba mhaith dhó dá gcrochtaidhe bró muilinn ar a mhuineál, agus dá gcaithtidhe é isteach sa bhfairrge, ’ná go scannlóchadh sé duine de’n mhuinntir bhig seo.


fá mar tá scríobhtha, Féach, cuirim i Síon ceap tuislidh agus carraig scannail, Agus cibé chreideas ann, ní náireochar é.


D’á bhrigh sin, má bheir biadh adhbhar scannail dom’ bhráthair, ní íosad feoil go deo, ar eagla go gcuirfinn ceap tuislidh roimh mo bhráthair.


Acht im’ thaobh‐sa, a bhráithre, má táim ag fógradh an timcheall‐ghearrtha fós, cad chuige a bhfuil géirleanamhain d’á déanamh orm fós? Ins an gcás sin atá deireadh déanta de cheap tuislidh na croise.


Agus, Cloch tuislidh, agus carraig scannail; óir tuisligheann siad ar an mbriathar, toisc iad bheith easumhal dó: agus is é do bhí i ndán dóibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí