Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 7:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 “Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh: sin é an dlí agus na fáithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Mar sin, déanaigí le daoine mar ba mhaith libh iad a dhéanamh libh; mar is é sin an dlí agus na fáithe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Gach uile nídh, ar an adhbhar sin, dár mhaith libh go ndéanfadh daoine díbh, déanaigidh dóbhtha-san é: óir is é seo an dlighe agus na fáidhe.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 D’á bhrigh sin, gach nidh ba mhaith libh go ndéanfadh daoine dhaoibh‐se, déanaidh‐se mar an gcéadna dhóibh‐sean: mar is é sin an dlighe agus na fáidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Uime sin gach uile ní budh mían libh daoine do dhéunamh dhíbh, deúnaidhsi a leithéide dhóibhsean mar an gcéudna: oír a sé so an dligheadh agus na faighe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Gach nídh, d’á bhrígh sin, ba mhaith libh a dhéanfadh daoine dhaoibh-se deinidh-se dhóibh-sin. Siné agaibh an dlígh agus na fáidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 “Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibh-se, déanaigí amhlaidh sin dóibh: sin é an dlí agus na fáithe.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 7:12
19 Tagairtí Cros  

“Ach má thréigeann an drochdhuine na peacaí go léir a rinne sé, má chomhlíonann sé mo dheasghnátha uile agus géilleadh don dlí agus don cheart, mairfidh sé go deimhin; ní éagfaidh sé.


Ná bain díoltas amach; ná bíodh faltanas agat le clann do dhaoine muinteartha. Ní foláir duit grá a thabhairt do do chomharsa mar thú féin. Mise an Tiarna.


Míníodh duit, a dhuine, céard is maith agus céard a iarrann an Tiarna ort. Níl uaidh ach seo: an ceart a dhéanamh, buanghrá a chothú agus siúl go humhal i bhfochair do Dhé.


Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.


“Ná bígí ag ceapadh gur chun an dlí agus na fáithe a chur ar ceal a tháinig mé. Ní á gcur ar ceal a tháinig mé ach á gcur i gcrích.


Dé réir mar ab áil libh daoine a dhéanamh daoibh, déanaigí dóibh sin mar an gcéanna.


Níl de chuspóir ag an bhfoláireamh seo ach an grá a mhúscailt a thagann as an gcroí glan, as an gcoinsias maith agus as an gcreideamh gan chluain.


Má chomhlíonann sibh an dlí ríoga de réir an scrioptúir: “Gráigh do chomharsa mar thú féin,” ansin más ea, tá sibh ag déanamh go maith.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí