Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Matha 7 - Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara


Caibidil VII An tríomhadh cuid de’n tseanmóir ar an tsliabh.

1 Ná tabhairigidh breith, chun nach dtabharthar breith oraibh.

2 Óir is do réir na breithe a thug sibh, a bhéarfar breith oraibh: agus is leis an mhiosúr le n-ar thómhais sibh, a thómhaisfear thar ais díbh.

3 Agus cad chuige a bhfeiceann tú an scealbóg i súil do dhearbhráthar, agus nach dtabhrann tú fá dear an tsail i do shúil féin?

4 Nó cad é mar thig leat rádh le do dhearbhráthair: leig damh an scealbóg a bhaint as do shúil; agus féach, an tsail i do shúil féin?

5 A bhréagchráibhthigh, caith an tsail amach as do shúil féin ar dtús, agus annsin tchífidh tú go soiléir chun an scealbóg a bhaint as súil do dhearbhráthar.

6 Ná tabhairigidh an rud naomhtha do na madaidh: agus ná caithigidh bhur bpéarlaí ós cómhair na muc, ar eagla go dtaltuigheadh siad faoi n-a gcosa iad, agus go dtionntuigheadh siad thart agus sibh a strócadh.

7 Iarraigidh, agus bhéarfar díbh; cuartuighigigh, agus gheobhaidh sibh; buailigidh, agus fosclóchar díbh.

8 Óir glacann gach aoinneach a iarras, gheibh an té a chuartuigheas, agus fosclóchar do’n te a bhuaileas.

9 Nó cé’n duine agaibh, dá n-iarradh a mhac arán air, a shínfeadh cloch chuige?

10 Nó dá n-iarradh sé iasc, an sínfeadh sé nathair nimhe chuige?

11 Dá bhrígh sin, má tá tuigse agaibh-se, atá olc, tabhartaisí maithe a thabhairt do bhur gcloinn: nach mó go mór a bhéarfas bhur n-Athair, atá ar neamh, neithe maithe dóbhtha sin a iarras air?

12 Gach uile nídh, ar an adhbhar sin, dár mhaith libh go ndéanfadh daoine díbh, déanaigidh dóbhtha-san é: óir is é seo an dlighe agus na fáidhe.

13 Téighigidh isteach ar an gheafta chumhang, óir is fairsing an geafta, agus is leathan an bóthar a threoruigheas chun na h-aimhleasa; agus dá mórán a théid isteach air.

14 Nach cumhang an geafta, agus nach caol an bóthar, a threoruigheas chun na beatha; agus is beag a chuireas eolas air.

15 Seachnaigidh na fáidhe bréige, a thig chugaibh i gculaith chaorach, acht ar maca tíre crosacha iad ar an taoibh istigh.

16 As a dtortha a chuirfeas sibh aithne ortha. An gcruinnigheann daoine caora fíneamhna de dhreasógaí, nó fígí de fhothannáin?

17 Mar sin, bheir gach crann maith toradh maith uaidh, acht bheir an droch-chrann droch-thoradh uaidh.

18 Ní thig le crann maith droch-thoradh a thabhairt, agus ní thig le droch-chrann toradh maith a thabhairt.

19 Gach crann nach dtugann toradh maith, gearrfar anuas é, agus caithfear san teinidh é.

20 Dá bhrígh sin, is ar a dtortha a aithneochas sibh iad.

21 Ní h-é gach duine a deir liom-sa: A Thighearna, a Thighearna, a rachas isteach i ríoghacht na bhflaitheas: acht an té a ghní toil m’Athar, atá ar neamh, rachaidh seisean isteach i ríoghacht na bhflaitheas.

22 Déarfaidh mórán liom-sa ar an lá sin: A Thighearna, a Thighearna, an é nach ndearnamar fáidheadóireacht i d’ainm-se, agus nár theilgeamar amach deamhain i d’ainm, agus nach ndearnamar mórán míorbhailte i d’ainm?

23 Agus annsin admhóchaidh mé dóibh: Níor chuir mé aithne ariamh oraibh: Imthighigidh uaim, a lucht déanta na h-urchóide.

24 Ar an adhbhar sin, gach duine a chluineas na briathra seo agam-sa, agus a ghní dá réir, samhlóchar é le fear críonna a thóg a theach ar charraig.

25 Agus thuit an bháistéach, agus tháinic na tuilte, agus shéid na gaotha, agus bhuail siad i n-aghaidh an tighe sin, agus níor thuit sé; óir bhí sé bunuighthe ar charraig.

26 Agus gach duine a chluineas na briathra seo agam-sa, agus nach ndéan dá réir, béidh sé cosamhail le fear amaideach a thóg a theach ar an ghainimh.

27 Agus thuit an bháisteach, agus tháinig na tuilte, agus shéid na gaotha, agus bhuail siad i n-aghaidh an tighe sin, agus thuit sé; agus ba mhór a thuitim.

28 Agus thárla, nuair a bhí na briathra séo críochnuighthe ag Íosa, go raibh na sluaighte ag déanamh iongantais dá theagasc.

29 Óir bhí sé ghá dteagasc mar neach a mbéadh cumhacht aige, agus níorbh ionann agus a Scríobhaidhthe agus a bhFairisínigh.

rights held by the Bible Society in Northern Ireland

Bible Society in Northern Ireland
Lean orainn:



Fógraí