Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 11:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Déanann a n‑ionracas na hionraice a stiúradh, ach scriosann a bhfeall na feallairí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Tréorachuidh iomláine na nionnrac íad féin: acht millfidh urchóid na sáruightheach íadsan.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 11:3
13 Tagairtí Cros  

Go gcumhdaí an neamhurchóid is an t‑ionracas mé, óir is ionat atá mo dhóchas, a Thiarna.


Le Dáiví. 1 Tabhair breithiúnas ar mo shon, a Thiarna, óir shiúil mé ar shlí an ionracais, agus bhí mo dhóchas sa Tiarna gan staonadh.


Réitíonn a shuáilcí an cosán don neamhchiontach, ach baineann a urchóid féin an t‑urchóideach dá bhonna.


Cosnaíonn an tsuáilce an fear dea-bheatha; milleann an urchóid an peacach.


A bhaois féin a scriosann conách duine, ach is ar an Tiarna a thugann sé aghaidh a chaoraíochta.


Scriosfar na peacaigh de dhroim na talún, agus scuabfar lucht an fhill ar shiúl aisti.


Déanfaidh foréigean na n‑urchóideach iad a scriosadh, mar nach áil leo an ceart a dhéanamh.


Déanann súile an Tiarna an t‑eolas a fhaire, ach leagann sé ar lár briathra na mbréagairí.


Déanfar an té a shiúlann san fhíréantacht a fhuascailt; ach an té a bhíonn go guagach idir dhá bhealach, titfidh sé ar cheann acu.


Ná bí ró-olc ná ró-amaideach ach oiread. Cén fáth a bhfaighfeá bás anabaí?


Lucht ceannairce agus peacaigh, brisfear i dteannta a chéile iad agus an dream a thréigeann an Tiarna, rachaidh siad in éag.


Mharaíodar chomh maith, de bharr ar an ár, rithe Mhidián - Eiví, Reicim, Zúr, Húr agus Reaba, cúig rí Mhidián. D'imríodar bás de rinn claímh leis ar Bhalám mac Bheór.


Más mian le haon duine a thoil-sean a dhéanamh, aithneoidh sé an ó Dhia an teagasc nó an uaim féin atá mé ag labhairt.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí