Seanfhocal 11 - An Bíobla Naofa 19811 Tá an ghráin ag an Tiarna ar an meá éagórach, ach is gean leis an meáchan cóir. 2 Tagann an t‑uabhar ar dtús, ansin an náire; tá an eagna ar fáil i measc na n‑uiríseal. 3 Déanann a n‑ionracas na hionraice a stiúradh, ach scriosann a bhfeall na feallairí. 4 Ní aon chabhair an mhaoin lá na feirge, ach fuasclaíonn an fhíréantacht ón mbás. 5 Réitíonn a shuáilcí an cosán don neamhchiontach, ach baineann a urchóid féin an t‑urchóideach dá bhonna. 6 Déanann a bhfíréantacht na hionraice a fhuascailt, ach cuireann a n‑ainmhianta féin na feallairí i ngeimhle. 7 Ní chuireann an bás deireadh le dóchas an fhíréin, ach téann muinín lucht na haindiagachta amú. 8 Saortar an fíréan ón tubaiste, ach titeann sí ar an urchóideach ina ionad. 9 Scriosann an t‑aindiaga a chomharsa lena theanga, ach saortar na fíréin le barr eolais. 10 Nuair a ritheann leis na fíréin, bíonn lúcháir ar an gcathair; nuair a scriostar na hurchóidigh, cuirtear na gártha áthais suas. 11 Tógtar cathair trí bheannachtaí na bhfíréan, ach scartáiltear í trí bhéal na n‑urchóideach. 12 Amadán an té a dhéanann magadh faoina chomharsa; fanann an duine tuisceanach ina thost. 13 Sceitheann an duine béalscaoilteach nithe a bhíonn faoi cheilt ach coimeádann an duine iontaofa rúin. 14 Teipeann pobal cheal treorach; ní baol dóibh nuair is iomadúil iad na comhairleoirí. 15 An té a théann i mbannaí ar strainséir, beidh thiar air; an té ar fuath leis dul i mbannaí, tá sé ar láimh shábháilte. 16 Tuilleann bean ghrástúil onóir [dá fear]; [níl sa bhean gan meas ar an gcóir ach easonóir faoi réim]. 17 Fónann an fial dó féin; ach goineann an duine cruálach é féin. 18 Saothraíonn an t‑urchóideach beatha bhaoth; an té a shíolann an fhíréantacht beidh fómhar teann aige. 19 An té a bhíonn daingean san fhíréantacht, beidh fad saoil aige; níl ach an bás i ndán don té a bhíonn ar thóir na hurchóide. 20 Is fuath leis an Tiarna lucht droch-chroí; is geal leis an mhuintir nach cam cosán. 21 Déan deimhin de, ní rachaidh an t‑urchóideach as gan phionós; ach déanfar lucht na fíréantachta a fhuascailt. 22 Is cuma nó fáinne óir i bpus muice, bean bhreá gan stuaim. 23 Sonas is críoch ar mhian na bhfíréan; téann dóchas na n‑urchóideach amú. 24 Bíonn duine fial, ach méadaíonn ar a mhaoin; bíonn duine eile sprionlaithe, ach is i mbochtaine a théann sé. 25 Éireoidh an fial saibhir; an té thugann deoch, gheobhaidh sé deoch. 26 Cuireann daoine mallacht ar an té a choimeádann an t‑arbhar i dtaisce; ach beannacht ar an té a dhíolann é. 27 An té a thóraíonn an mhaith, tóraíonn sé fabhar; ach an té a lorgann an urchóid, tagann an urchóid ina threo. 28 An té a bhfuil a mhuinín ina mhaoin, feofaidh sé; ach beidh an fíréan faoi bhláth mar an duilliúr glas. 29 An té a bhuaireann a theaghlach, beidh an ghaoth aige mar oidhreacht; beidh an baoth mar dhaor ag an eagnaí. 30 Bíonn crann na beatha mar thoradh ag an bhfíréan; ach sciobtar na hurchóidigh ar shiúl [roimh am]. 31 Má fhaigheann an fíréan an luach saothair is dual dó ar talamh, nach mó ná sin a gheobhaidh an t‑urchóideach agus an peacach! |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart