Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 11:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Tuilleann bean ghrástúil onóir [dá fear]; [níl sa bhean gan meas ar an gcóir ach easonóir faoi réim].

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Conghmaidh bean ghrásamhuil onóir: agus cumhduíghid na daóine láidre saidhbhrios.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 11:16
18 Tagairtí Cros  

Éiríonn a clann ina seasamh, agus fógraíonn siad gur méanar di; canann a fear céile moladh di:


“Níl aon chiall do chothrom na féinne acu,” a deir an Tiarna, “ach líonann siad a bpáláis leis an gcreach a fuair siad le foréigean agus le slad.”


Fógair é i bpáláis na hAsaíre agus i bpáláis na hÉigipte agus abair: “Cruinnigí le chéile ar shléibhte na Samáire agus breathnaígí uaibh mí-eagar na cathrach sin agus an leatrom laistigh di.”


Deirim líbh go fírinneach, cibé áit a mbeidh an dea-scéal seo á fhogairt ar fud an domhain go léir, beifear ag trácht ar a ndearna sise mar chuimhneamh uirthi.”


Ach níl riachtanas ach le haon ní amháin. Óir is í an pháirt is fearr ba rogha le Máire, agus ní bhainfear í sin di.”


agus Ióanna bean Chúsa, maor Héaróid, agus Súsanna, agus mórán nárbh iad, a bhíodh ag freastal orthu as a maoin.


D'éirigh Peadar agus tháinig lena gcois. Ar shroichint na háite dó thug siad in airde chun an tseomra uachtaraigh é. Tháinig na baintreacha go léir chuige ag sileadh deor agus ag taispeáint dó na léinte agus na gcótaí a dhéanadh Dorcas dóibh fad a bhí sí ina beatha.


Beannaígí do Mháire, bean a shaothraigh go dian in bhur measc.


Ón Seanóir dá Soilse, í siúd atá uasaltofa agus dá clann a dtugaim fíorghrá dóibh, agus ní mise amháin ach fós gach duine arb eol dó an fhírinne,


Nuair a tháinig searbhóntaí Dháiví go hAibíogáil i gCairmeil, dúradar: “Chuir Dáiví sinne chugat chun tú a fháil mar bhean dó féin.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí