Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 11:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 An té a bhíonn daingean san fhíréantacht, beidh fad saoil aige; níl ach an bás i ndán don té a bhíonn ar thóir na hurchóide.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Amhail chéimnighios fíréantacht chum beatha: mairsin an té leanas an tolc leanuigh sé chum a bháis féin.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 11:19
18 Tagairtí Cros  

agus dúirt sé leis: “Seo mar a deir an Tiarna: ‘Dé bhrí gur chuir tú teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón - (an ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael le dul i gcomhairle lena bhriathar?) - uime sin an leaba a ndeachaigh tú a luí inti, ní fhágfaidh tú í, ach gheobhaidh tú bás go cinnte.’ ”


Mar seo a deir an Tiarna: ‘An leaba ina ndeachaigh tú a luí inti, ní éireoidh tú aisti; gheobhaidh tú bás go cinnte.’ ” Agus d'imigh Éilias leis.


Tuilleann a thuarastal beatha don fhíréan; ní bhíonn ach [an bás] mar luach saothair ag an urchóideach.


Ní aon chabhair an mhaoin lá na feirge, ach fuasclaíonn an fhíréantacht ón mbás.


Lonnaíonn an bheatha ar chosán na córa; ach treoraíonn slí na hearráide chun an bháis.


Seolann eagla Dé chun na beatha; an té a mbíonn sí aige, bíonn bia agus fothain aige, gan scéin roimh aon olc air.


An té a théann ar fán ó chosán na tuisceana, ligfidh sé a scíth i gcomhluadar na scáileanna.


An té a théann sa tóir ar an gcóir agus ar an gcineáltas, beidh idir bheatha agus chóir agus onóir aige.


Ach an té dhéanann díobháil domsa, leonann sé a anam féin; agus an mhuintir a thugann fuath domsa, tugann siad grá don bhás.”


ach cibé duine a thugann ómós dó agus a dhéanann an ceart, gur taitneamhach an duine sin dó is cuma cén cine ar díobh é.


Mar pá ón bpeaca is ea an bás, ach tabhartas ó Dhia is ea an bheatha shíoraí in Íosa Críost ár dTiarna.


Bíodh an chóir go beacht mar sprioc agat i dtreo go mairfidh tú agus go mbeidh seilbh oidhreachta agat ar an talamh atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit.


agus an ainmhian, nuair a ghabhann sí gin, saolaíonn sí peaca, agus nuair a bhíonn an peaca i mbun a mhéide bíonn an bás mar mhac aige.


Mar seo a léirítear cé hiad clann Dé agus cé hiad clann an diabhail; gach duine nach saothraíonn an fhíréantacht ní ó Dhia dó, agus is é a fhearacht sin ag an té nach dtugann grá dá bhráthair.


A chlann liom, ná cuireadh éinne amú sibh. An té a shaothraíonn an fhíréantacht, is fíréan é amhail is fíréan eisean.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí