Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 11:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 Sonas is críoch ar mhian na bhfíréan; téann dóchas na n‑urchóideach amú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Fonn a nfíréin amháin an mhaith: acht dóthchus an drochdhuine dioghaltas.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 11:23
16 Tagairtí Cros  

Éistfidh tú, a Thiarna, le mianta na mbocht; daingneoidh tú a gcroí agus tabharfaidh tú cluas dóibh,


Iarraim thú le mo chroí go hiomlán; nár imí mé ó d'aitheanta.


Nár mhéanar mo shlite a bheith go daingean, d'fhonn do reachtanna a choimeád.


Iarraim aon ní amháin ar an Tiarna; bím ag tnúth leis de shíor: go gcónóidh mé in áras an Tiarna gach lá de mo shaol; go bhfaighidh mé taitneamh in aoibhneas an Tiarna ‘s go bhfeicfidh mé a theampall.


Má thugann tú taitneamh don Tiarna tabharfaidh seisean duit mian do chroí.


Suáilceas ar fad é dóchas na bhfíréan, ach rachaidh meath ar dhóchas an urchóidigh.


Bíonn duine fial, ach méadaíonn ar a mhaoin; bíonn duine eile sprionlaithe, ach is i mbochtaine a théann sé.


Ní chuireann an bás deireadh le dóchas an fhíréin, ach téann muinín lucht na haindiagachta amú.


Is ionraic iad smaointe an fhíréin; ach is fealltach iad comhairlí na n‑urchóideach.


Caitheann an fear maith bia fónta, toradh briathra a bhéil; ach is ar an bhforéigean a chothaítear goile na bhfeallairí.


Bíonn m'anam ag dréim leat san oíche, agus mo spiorad do do lorg ionam féin istigh; nuair a fhoilsítear do bhreithiúnais ar talamh, foghlaimíonn muintir an domhain ceart agus cóir.


Ach maidir liomsa, níor spreag mé riamh thú chun an oilc, ní mó ba mhian liom an lá mairgneach, tá a fhios seo agatsa; ní raibh an rud a tháinig as mo bhéal i bhfolach ort.


“Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu, óir sásófar iad.


Níl le déanamh ach fanacht go critheaglach le breithiúnas Dé agus leis an gcraos tine a ídeoidh a naimhde.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí