Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 11:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Scriosann an t‑aindiaga a chomharsa lena theanga, ach saortar na fíréin le barr eolais.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Millidh an meabhlach a chomharsan le na bhéul: acht tré éolus sáorfuighear an tionnraic.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 11:9
26 Tagairtí Cros  

Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. “Ar chóir dom dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” ar sé. “Téigh,” ar siad, “tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”


Agus saorann sé fiú an t‑aindiaga ó ghreim na hainnise.


A dhála sin ag cinniúint lucht dearmaid Dé, Agus mar sin a théann dóchas an choirpigh ar ceal


Tá an peaca ina lár. Ní scarann an foréigean ná an feall lena sráideanna choíche.


Déanann a bhfíréantacht na hionraice a fhuascailt, ach cuireann a n‑ainmhianta féin na feallairí i ngeimhle.


Saortar an fíréan ón tubaiste, ach titeann sí ar an urchóideach ina ionad.


Cuireann an foréigneach a chomharsa ar seachrán, agus meallann é ar bhóthar nach fónta.


“Seachnaígí na fáithe bréige a thagann chugaibh faoi chló caorach ach gur faolchúnna amplacha iad laistigh.


“Nuair a fheicfidh sibh ‘urghráin úd an lomscriosta’ agus é ina sheasamh san áit nach dual - tuigeadh an té a léann - ansin, iad sin a bheidh in Iúdáia teithidís faoi na sléibhte;


Agus tá daoine agaibh féin a éireoidh agus a thabharfaidh teagasc claon d'fhonn deisceabail a mhealladh chucu.


Níor scríobh mé chugaibh á rá go mba aineolach ar an bhfírinne sibh, ach go mba feasach sibh í, agus go mb'eol daoibh nach den fhírinne aon bhréag.


Ach maidir libhse, maireann fós ionaibh an t‑ungadh a fuair sibh uaidh, agus ní call daoibh go múinfeadh aon duine sibh mar gur mhúin a ungadhsan gach ní daoibh. Agus is fíortheagasc é, agus ní aon bhréag - mar sin, faoi mar a mhúin sé daoibh, cloígí leis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí