Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Seanfhocal 11:29 - An Bíobla Naofa 1981

29 An té a bhuaireann a theaghlach, beidh an ghaoth aige mar oidhreacht; beidh an baoth mar dhaor ag an eagnaí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 An té bhuáidhrios a thigh féin budh leis oighreacht na gaóithe: agus biáidh an tamadán na óglach ag an ccríonna a ccroidhe.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 11:29
10 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Iacób le Simeon agus Léiví: “Tá dochar déanta agaibh dom, mar go bhfuilim de bhur mbarr i m'ábhar fuatha ag áitritheoirí na tíre, na Canánaigh agus na Pirizigh. Táimse ar bheagán slua; má chruinníonn siad le chéile i m'aghaidh agus tabhairt fúm, scriosfar mé, mise agus mo theaghlach.”


Cromann an t‑olc roimh an mhaith, agus déanann an t‑urchóideach amhlaidh ag geataí na bhfíréan.


An té a shantaíonn breis éagórach, tugann sé buaireamh sa mhullach ar a theach; ach an té ar fuath leis breabanna, beidh fad saoil aige.


Agus rud eile dhe, caitheann sé a laethanta uile i ndorchadas agus bíonn sé lán dobróin agus breoiteachta agus feirge.


Gaoth a síol, gála a bhfómhar! Ní rachaidh an geamhar i ndias dóibh, ná ní thabharfaidh sé plúr; agus má thugann féin is eachtrannaigh a íosfaidh é.


Déan do mhachnamh air sin anois agus féach cad is féidir leat a dhéanamh mar tá sé beartaithe drochíde a imirt ar ár maistir agus ar a theaghlach go léir, agus tá sé féin chomh ciotrúnta sin nach féidir d'aon duine focal a rá leis.”


Nábál a ba ainm don fhear agus Aibíogáil dá bhean. Bhí an bhean éirimiúil sciamhach, ach bhí an fear tuathalach drochbhéasach. Cálaebach a ba ea é.


Timpeall deich lá ina dhiaidh sin bhuail an Tiarna Nábál, agus cailleadh é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí