Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 11:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Réitíonn a shuáilcí an cosán don neamhchiontach, ach baineann a urchóid féin an t‑urchóideach dá bhonna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Díreochuidh a nfíréantacht an duine iomlán air a shlighe: acht tuitfidh an ciontach le na chiontaibh féin.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 11:5
19 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic Aichítifeil nár leanadh a chomhairle, chuir sé an diallait ar a asal agus d'imigh leis abhaile dá chathair féin. Ansin chuir sé cúraimí a thí in ord agus chroch sé é féin agus fuair sé bás. Adhlacadh é i dtuama a athar.


Déanfar a choiscéimeanna daingne a chrapladh, Agus leagfaidh a chomhairle féin ar lár é.


Is ar a bhfuil féin a chuireann na fir seo luíochán; orthu féin a dhéanann siad eadarnaí.


Déanann a n‑ionracas na hionraice a stiúradh, ach scriosann a bhfeall na feallairí.


Ní dhaingníonn an urchóid aon duine, ach ní bhogfar fréamh an fhíréin go brách.


Cosnaíonn an tsuáilce an fear dea-bheatha; milleann an urchóid an peacach.


Scriosann a urchóid féin an coirpeach; ach faigheann an fíréan foscadh óna dhea-iompar.


Tá driseacha go tiubh ar chosán na leisceoirí, ach is ród réidh cosán [na ndícheallach].


Bíonn gothaí na muiníne ar an urchóideach; déanann an fíréan a bhearta féin a mheá.


Déanfar an té a shiúlann san fhíréantacht a fhuascailt; ach an té a bhíonn go guagach idir dhá bhealach, titfidh sé ar cheann acu.


Bíodh aird agat air siúd cibé cúrsa ar a mbíonn tú, agus féachfaidh sé chuige go mbeidh do chosáin réidh.


Bíonn cionta an urchóidigh mar ghaiste ina thimpeall, agus gabhtar é i líonta a pheaca féin.


Is díreach bealach an fhíréin, réitíonn tú bóthar díreach don fhíréan.


Beidh díomas Iosrael mar fhinné ina coinne; bainfidh a cuid urchóide barrthuisle as Eafráim agus tuisleoidh Iúdá mar aon leo.


Ansin chas arm Iosrael ar a sála agus thit an lug ar an lag ag arm Bhiniáimin, mar chonaiceadar go raibh an tubaiste sa mhullach orthu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí