Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 8:61 - An Bíobla Naofa 1981

61 ionas go mbeidh a fhios ag ciníocha na cruinne go léir gurb é an Tiarna is Dia ann dáiríre, agus nach bhfuil ann ach é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

61 Bíodh bhur gcroidhe ar a nadhbhar sin iomlán leis an TTIGHEARNA ar Ndía, do shiubhal iona statúidibh, agus do choímhéud a aitheantadh uile, amhuil San ló a niugh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 8:61
14 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí Abrám nócha naoi mbliana d'aois thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt leis: “Mise Dia na gCumhacht. Iompair thú féin gan locht i mo láthair-sé,


Nuair a chuaigh Solamh anonn in aois, chlaon a mhná céile a chroí i dtreo déithe eile, agus ní raibh a chroí go hiomlán ag an Tiarna, a Dhia, mar bhí croí a athar, Dáiví.


Cé nár scuabadh chun siúil na hardionaid, bhí croí Ásá dílis go hiomlán don Tiarna i gcaitheamh a shaoil.


Lean sé sampla peacúil a athar roimhe i ngach ní. Ní raibh a chroí dílis ar fad don Tiarna faoi mar a bhí croí Dháiví a shinsear.


Bhí grá ag Solamh don Tiarna agus lean sé reachtanna Dháiví a athair ach gur ofráil sé íobairtí agus túis ar na hardionaid.


“Cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin go dílis agus le dúthracht chroí i do láthair agus a rinne mé an ceart i do láthair.” Agus ghoil Hiziciá go fuíoch.


Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.


Bhí lúcháir ar an bpobal mar go ndearna siad a n‑ofrálacha le barr féile, mar ba le barr croí mhóir a d'ofráil siad a dtabhartas fial don Tiarna. Bhí Dáiví rí freisin lán d'áthas.


Bhí fear ann fadó i dtír Úz darbh ainm Iób. Duine ionraic fónta ab ea é; bhí eagla Dé air agus sheachain sé an t‑olc.


Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Ar thug tú mo sheirbhíseach Iób faoi deara? Níl a leithéid eile ar domhan; fear ionraic fónta is ea é, tá eagla Dé air agus seachnaíonn sé an t‑olc.”


Féach an fíréan, tabhair do d'aire an duine ionraic, óir beidh sliocht ag fear na síochána;


Nuair atá a leithéidí sin de ghealltanais againn, a mhuintir na páirte, glanaimis dínn gach smál coirp agus anama agus cuirimis ár naomhú i gcrích faoi eagla Dé.


Bíse dílis ar fad don Tiarna do Dhia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí