1 Ríthe 8 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil VIII. Toirbhíotas an teampuill chum seirbhise Dé. 1 An sin do chruinnigh Solamh sinnsir Israel uile, agus cinn na ttreabh, priomhaithre chloinne Israel uile, gus an rígh Solamh ann Ierusalem, go ttugaidís súas aírc chunnartha an TIGHEARNA as ccathruigh Dháibhi, si sin Sion. 2 Agus do chruinnigheadar clann Israel uile íad féin gus an rígh Solamh ar an bhféusta a mí Etanim, eadhon an seachdmhadh mí. 3 Agus tangadar sinnsir Israel uile, agus do thógbhadar na sagai t a náirc súas. 4 Agus thugadar súas aírc an TIGHEARNA, agus tabernacuil an chomhchruinnigh, agus a nuile shoitheach náomhtha do bhí san tabernacuil, thugadar na sagairt agus na Lebhítigh íad sin súas léo. 5 Agus do bhí an rígh Solamh, agus comhchruinniughadh Israel uile, noch do chruinnigh chuige, a bhfochair a chéile a bhfíadhnuise na háirce, ag íodhbuirt cáorach agus damh, nár fhéidir innisin nó áiriomh ar iomadamhlacht. 6 Agus thugadar na sagairt a steach aírc chunnartha an TIGHEARNA dhá háit féin, go horacuil an tighe, do náit is rónáomhtha, eadhon faói sciathanuibh na cherubínigh. 7 Oír do leathnuigheadar na cherubinigh a ndá sciathán amach ós cionn áite na háirce, agus dolchadar na cherubinigh a náirc agus a máideadha shúas. 8 Agus do thairngeadar amach na maideadha, chor go bhfaicthi cinn na maideadha amach ann sa náit naomhtha as coinne a noracuil, agus ní bfacus a muigh íad: agus atáid annsin gus a niugh. 9 Ní raibh éainní ann sa náirc achd án dá chlár chloiche, noch do chuir Maóise ann ag Hóreb, a nuair do rinne an TIGHEARNA cunnradh ré cloinn Israel, a nuair thangadar amach as crích na Hégipte. 10 ¶ Agus tárla, a nuáir thangadar na ságairt amach as á náit ro náomhtha, gur lion an néull tigh an TIGHEARNA, 11 Iondus nár fhéadadar na sagairt seasamh do mhiniostralachd treas an néull: óir do líon glóir an TIGHEARNA tigh an TIGHEARNA. 12 ¶ Ann sin do labhair Solamh, A dubhairt an TIGHEARNA go náitreochadh sé a ndorchadus tiugh. 13 Do rinne misi go deimhin tigh dhuit do dhéanamh comhnuighe ann, áit chinnte dhuitsi dfanamhuinn ann go brath. 14 Agus dfill an rígh a aghaidh, agus do bheannuigh sé comhchruinniughadh Israel uile: (agus comhchruinniughadh Israel uile na seasamh;) 15 Agus a dubhairt seision, Go madh beannuigh an TIGHEARNA Día Israel, noch do labhair dá bhéul féin rem athair Dáibhi, agus do choimhlíon le na láimh é, gha rádh, 16 On ló fá ttug mé amach mo phobal Israel as an Négipt, níor thogh mé éanchathair amach as treabhuidh Israel uile do dhéanamh tighe, lé a mbía mainm ann; achd do thogh mé Dáibhi do bheith ós cionn mo phobail Israel. 17 Agus do bhí sé a ccroidhe Dháibhi mathair tigh do dhéanamh dainm an TIGHEARNA Día Israel. 18 Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Dáibhi mathair, An méid go raibh se ann do chroidhe tighe do dhéanamh dom ainmsi, is maith rinne tú á bheith ad chroídhe. 19 Gidheadh ní dhéana tú an tigh; achd do mhac noch thiucfas as do leasrach, do dhéana sé tígh dom ainmse. 20 Agus do choimhlíon an TIGHEARNA an focall a dubhairt sé, agus déirghe misi súas a náit Dháibhi mathar, agus atáim am shuidhe a ccatháoir ríogha Israel, mar do gheall an TIGHEARNA, agus do rinne mé tigh dainm THIGHEARNA Dé Israel. 21 Agus do shuighidh mé áit ann sin don náirc, iona bhfuil cunnradh an TIGHEARNA, noch do rinne sé rer náithribh, a núair thug sé amach as crích ná Hégipte íad. 22 ¶ Agus do sheas Solamh as coinne altóra an TIGHEARNA a lathair chomhchruinnigh Israel uile, agus do leathnuigh sé amach a lámha chum neimhe: 23 Agus a dubhairt sé, A THIGHEARNA Día Israel, ní bhfuil éan Día cosmhuil riotsa, air neamh shuás, nó ar talumh shíos, noch chomhallus cunnradh agus trócaire dot sheírbhíseachuibh noch shiubhluighios ad lathair maille ré croidhe iomlan: 24 Noch do chomhaill dot shearbhfhoghantaigh Dáibhi mathair an ní do gheall tú dhó: do labhair tú led bhéul mar an gcéadna, agus do choimhlíon tú léd láimh é, mar a tá aniugh. 25 Ar a nadhbharsin anois, a THIGHEARNA Día Israel, comhlíon dot shearbhfhoghantuigh Dáibhi mathair an ní do ghealluis dó, gha rádh, Ní teisdeocha duine úait ann mo radharcsa do shuighe a ccathaóir ríoghá Israel; amháin má bheirid do shliochd aire da slighe, iondus go siubholuid am lathairse mar do shiubhuil tusa am lathair, 26 Agus anois, a Dhía Israel, guidhim thú, daingnithear thfocal, noch do labhair tú red shearbhfhoghantuigh Dáibhi mathair. 27 Acht an ccoimhneochaidh Día go deimhin ar an ttalumh? féuch, ní fhaghann flaitheas, agus flaitheas na bhflaitheas ionad duit; cá mhéid ní as lugha ná sin fhéudas an tighse do rinne misé? 28 Acht cheana féach air urnaigh do shearbhfhoghantuigh, agus air a ghearán, O a THIGHEARNA mo Dhía, déisteachd ris an ngairm agus ris an nurnuigh, noch ghuidhios do shearbhfhoghantuigh ad fhiadhnuise a niugh: 29 Go bhfoisceoltá do shúile leath ris an ttighso do ló agus doidhche, eadhon leath ris a náit noch a dubhairt tú, Biáidh mainm ann sin: iondus go néistigh tú ris an nguidhe dhéanas do shearbhfhoghantuigh ann sa náitse. 30 Agus éistsi re gearán do shearbhfhoghantuigh, agus do phobuil Israel, a núair do dhéanuid guidhe ann sa naítse: agus cluinse ann hionad comhnuigh féin air neamh: agus a núair chluínfios tú, tabhair maitheamhnus dóibh. 31 ¶ Má ní duine ar bith aindligheadh a naghaidh a chomharsann, agus mionna do chur air do thabhairt air mionnughadh, agus na mionna do theachd as coinne haltórasa ann sa tighse: 32 Ann sin cluinsi a bhflaitheamhnuis, agus déana breitheamhnus dot sherbhiseachaibh, ag damnughadh an chiontuigh, do thabhairt a shlígheadh ar a cheann féin; agus do ghlanadh a nfíréin, ag tabhairt dó do reir a ionracuis. 33 ¶ A núair bhuailfighear do phobal Israel síos roimhe an namhuid, do chionn gur pheacuigheadar ad aghaidhsi, agus go bhfillfid a rís chugad, agus go naidmheochuid hainm, agus go nguidhfid, agus go ndéanuid gearán riotsa annsa tighse: 34 Annsin cluinse a bhflaitheamhnus, agus maith peacadh do phóbail Israel, agus tabhair a ris íad don dúithche noch thug tú dá naithribh. 35 ¶ A núair dhruídfidhthear neamh, agus nach biáidh fearthuinn ar bith ann, do chionn gur pheacuigheadar ad aghaidhsi; má níd siad guidhe ann sa náitsi, agus hainmsi dadmháil, agus iompógh ó na bpeacadh, a núair smaichdeochus tú íad: 36 Annsin cluinse a bhflaitheamhnus, agus maith peacadh do sherbhíseach, agus do phobail Israel, go múinidh tú dhóibh an tslighe mhaith iona siubholuid síad, agus tabhair fearthuinn annsa tír, noch thug tú dot phobal mar oighreachd. 37 ¶ Má bhíonn gorta annsa tír, má bhíonn pláigh, gáoth rúadh, ceó millteach, lócuistigh, nó ma bhíonn peist millteach; má shuidheann a námhuid na mbun a ndúithche a ccaithreach; gidh bé ar bith pláigh, gidh bé ar bith éaslaínte bhiás ann; 38 Gidh bé urnaigh nó gearán do dhéantar lé duine ar bith, nó le pobal Israel uile, noch a mbía a fhios ag gach áon díobh pláigh a chroidhe féin, agus go leathnochaidh amach a lámha chum an tighesi: 39 Ann sin cluinsi a bhflaitheamhnus ann hionad comhnuigh féin, ag maitheamh dhóibh, déana agus tabhair da gach áon do reir a shligheach, a bhfuil fios a chroidhe agadsa; óir is tusa, thusa amháin, agá bhfuíl fios croidhtheach chloinne na ndaóine uile; 40 Chor go mbía eagla orra romhadsa ar feadh laéthe a mbeatha annsa dúithche noch tug tú dar naithríbh. 41 ¶ Tuilleamh oile a dtaoibh choimhitheach, nach dot phobal Israel, ach thiucfas a ccein ar ghrádh hanmasa; 42 Oír cluinfid síad iomradh hanma mhóirse, agus do láimhe laídre, agus do righthe sínte amach; a núair thiucfas sé agus do dhéana sé urnaigh chum an tighe si; 43 Cluinsi a bhflaitheamhnus ann hionad comhnuigh féin, agus déana do reir gach éinneithe dá niárrfuidh an coimhitheach ort: chor go mbiáidh fios hanma ag dáoinibh na talmhan uile, le mbía heagla orra, mar atá air do phobal Israel; agus chor go mbiáidh a fhios aca an tigh so, do rinne misi, gurob ad ainmsi goirthear é. 44 ¶ Má théid do phobal amach do chathughadh a naghaidh a námhad, giodh bé ball a gcuirfidh tú íad, agus go nguidhfid chum an TIGHEARNA leith ris an ccathruigh do thogh tusa, agus a leith ris an tigh do rinne misi dot ainm: 45 Ann sin cluinse a bhflaitheamhnus a nguidhe agus a ngearán, agus cumhdaigh a ccúis. 46 Má níd peacadh ad aghaidh, (óir ní bhfuil duine ar bith nach bpeacuidheann,) agus go mbía fearg agad riú, agus go ttoirbhearuidh tú don námhuid íad, iondus go mbéaruid leó a láimh íad go tír na námhad a bhfad, nó a bhfogus; 47 Gidheadh má chuimhnighid orra féin annsa tír a mbéarthar a láimh íad, agus ma níd aithrighe, agus ma chuirfid a ngearán chugadsa a ttír na muinntire rug léo a láimh íad, gha rádh, Do pheacuidheamar, agus do rinneamar éigceart, do rinneamar go holc; 48 Agus marsin má fhillid chugadsa le na nuile croidhe, agus le na nuile anam, a ttír a námhad, noch rug leó a láimh íad, agus go nguidhfid chugadsa a leith ré na ndúithche féin, noch thug tú dá naithribh, ris an cathruigh do thogh tú, agus ris an tigh do thóg misi dot aínm: 49 Ann sin éist thusa a nguidhe agus a ngearán a bhflaitheamhnus ann hionad comhnuidhe féin, agus connuimh súas a gcúis, 50 Agus maith don phobal do pheacuigh ad aghaidh, agus a naindligheadh uile leir sháruigheadar ad aghaidh, agus tabhair trócaire dhóibh a lathair na ndáoine rug leó a láimh íad, chor go mbía trúaighe acasan dóibh: 51 Oír is íad do phobalsa, agus hoighreachd íad, noch thug tú amach as an Négipt, as lár na fuirnísi íaruinn: 52 Chor go mbéid do shúile foscuilte do ghearán do sherbhísigh, agus do ghearán do phobail Israel, do thabhairt aire dhóibh annsa nuile ní da ngoirfid ort dhá ttáobh. 53 Oír do dhealuigh tú íad ó bheith a measc dháoine na talmhan uile, do bheith na noighreachd agad féin, mar do labhair tú lé láimh Mháoise do sherbhisigh, a núair thug tú ar naithreacha amach as an Négipt, a THIGHEARNA Día. 54 Agus is amhluidh bhí, a nuáir do chriochnuigh Solamh bheith ag guidhe na hurnuighse uile agus a níarratuis chum an TIGHEARNA, déirigh sé as fiadhnuisé altóra an TIGHEARNA, ó bheith ar a ghlúinibh maille re na lámhuibh leathnuigh súas chum neimhe. 55 Agus do sheas sé, agus do bheannuigh sé comhchruinniughadh Israel uile do ghuth fhollusghlan, gha rádh, 56 Go madh beannuigh an TIGHEARNA, noch thug suáimhnios da phobal Israel, do réir gach éinneithe dar gheall sé: ní dheachaidh áon fhocal amháin a bhfaillíghthe da ghealladh maith uile, noch do gheall sé le láimh Mhaóise a shearbhfhoghantuigh. 57 Go raibh an TIGHEARNA ar Ndía línn, amhuil do bhí sé le ar naithribh: ná fagbhadh agus ná tréigiodh sé sinn: 58 Iondus go ccláonadh sé ar gcroidhthe chuige féin, do shiubhal iona shlighthibh uile, agus do choimhéud a aitheantadh, agus a reachda, agus a bhreitheamhnusa, noch do aithin sé dar naithribh. 59 Agus gó ráibh na bríathrasa agumsa, lé ndéarna mé athchuinge a bhfiadhnuise an TIGHEARNA, a ngar don TIGHEARNA ar Ndía do ló agus doidhche, chor go ccothochuidh sé cúis a sherbhísigh, agus cúis a phobail Israel gach uile uáir, mar bhías uireasbhuidh orra: 60 Chor go mbía a fhios ag daóínibh an domhuin uile gur bé an TIGHEARNA as Día, agus nach bhfuil aithearrach ann. 61 Bíodh bhur gcroidhe ar a nadhbhar sin iomlán leis an TTIGHEARNA ar Ndía, do shiubhal iona statúidibh, agus do choímhéud a aitheantadh uile, amhuil San ló a niugh. 62 ¶ Agus dofráil an rígh, agus Israel uile maille ris, iodhbairt a lathair an TIGHEARNA. 63 Agus diodhbair Solamh íodhbairt ofrála síothchána, noch do ofráil sé don TIGHEARNA, dhá mhíle fhithchiod damh, agus céud agus fithche míle cáora. Marsin do choisrig an rígh agus clann Israel uile tighe an TIGHEARNA. 64 An la sin féin do choisrig an rígh meadhón na cúirte do bhí as coinne thighe an TIGHEARNA: óir is ann sin do ofráil sé íodhbartha loisge, agus ofrála bídh, agus méathus na hofrála síothchána: do chionn gó raibh a naltóir phráis do bhí a lathair an TIGHEARNA roibheag do ghlacadh na nofráladh loisge, agus na nofráladh bídh, agus méathuis na nofráladh síothchána. 65 ¶ Agus an tansin do rinne Solamh féusta, agus Israel uile na fhochair, coimhthionól mhór, ó mar théid tú a steach go Hamat go nuige abhuinn na Hégipte, a lathair an TTIGHEARNA Día, seachd la agus seachd lá, eadhon ceithre lá dhéag. 66 Ar a nochdmhadh lá do chuir sé an pobal ar siubhal: agus do bheannuigheadar an rígh, agus do chúadar da lóistínibh go súgach agus go lúathgháireach a ccroidhe ar son gach uile mhaitheasa dá ndéarna an TIGHEARNA ar son Dháibhi a shearbhfhoghantuigh, agus ar son a phobail Israel. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society