Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Seanfhocal 19:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Bíonn súil le dílseacht ó dhuine, agus is fearr bochtán ná bréagaire.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Asé dúil an duine a chinéul: agus is féarr án duine bocht ná an bréagach.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 19:22
14 Tagairtí Cros  

Tá a fhios agam, a Dhia, go scrúdaíonn tú an croí, agus gur gean leat an t‑ionracas; d'ofráil mé na nithe seo go léir le hionracas croí agus le fonn; tá sé d'áthas agam anois do phobal anseo a fheiceáil ag ofráil a dtabhartas duit le fonn.


Ach dúirt an Tiarna le Dáiví m'athair: ‘Is é mian do chroí teach a thógáil do m'ainm, agus is maith uait sin;


Dála an duine a thugann cuireadh chun bia dá chairde, Agus súile a chlainne gan preab iontu,


Is fealltach iad mo chairde mar an tuile, Mar leaba na dtuilte a ghabh thart;


Cuirigí bhur ndóchas ann i gcónaí, a phobal; ligigí rún bhur gcroí leis. Is é Dia ár ndídean. Selah


Is fearr an bochtán a mhaireann go fíréanta ná an té atá saibhir ach claon ina shlite.


Is iomaí beartas a bhíonn á dtaibhreamh do dhuine, ach is é aidhm an Tiarna a sheasfaidh buan.


Seolann eagla Dé chun na beatha; an té a mbíonn sí aige, bíonn bia agus fothain aige, gan scéin roimh aon olc air.


Má bhíonn an dea-thoil ann beifear sásta leis an duine a thugann de réir a acmhainne agus gan dul thar a acmhainn,


le súil go mbainfidís amach an bheatha shíoraí. Gheall Dia, nár thug éitheach riamh, an bheatha seo dúinn roimh thús aimsire


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí