Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 9:62 - An Bíobla Naofa 1981

62 Ach dúirt Íosa leis: “Aon duine a bhuaileann a lámh ar an gcéachta agus a fhéachann siar ina dhiaidh, níl sé oiriúnach do ríocht Dé.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

62 Dúirt Íosa leis, “Ní fiú ríocht Dé aon duine a leagas a lámh ar an tseisreach agus a amharcas ina dhiaidh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

62 Dubhairt Íosa leis: Aoinneach a chuireas a lámh leis an tseisrigh agus a bhíos ag amharc siar ina dhiaidh, ní fhóireann sé do ríoghacht Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

62 Acht adubhairt Íosa leis, Aoinneach do chuir a lámh ar an gcéachta, agus do dhearc siar ’n‐a dhiaidh sin, ní fhuil sé oireamhnach do ríoghacht Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

62 Achd a dubhairt Iósa ris, Gidh bé neach chureas a lámh ar an gcéuchd, agus fhéachas na dhíaigh, ní bhfuil se iomchubhaidh do ríoghachd Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

62 Dubhairt Íosa leis: Aoinne a chuirfidh a lámh ar an gcéachta agus ansan a bheidh ag féachaint lastiar de, ní’l sé oireamhnach do rígheacht Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

62 Ach dúirt Íosa leis: “Aon duine a bhuaileann a lámh ar an gcéachta agus a fhéachann siar ina dhiaidh, níl sé oiriúnach do ríocht Dé.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 9:62
9 Tagairtí Cros  

D'fhág sé an chuingir agus rith sé ar thóir Éilias. “Lig dom m'athair agus mo mháthair a phógadh,” ar sé; “agus ansin leanfaidh mé thú.” D'fhreagair Éilias: “Gabh ar ais; óir an ndearna mé rud ar bith duit?”


Sea, a bhráithre, ní dóigh liom go bhfuil an báire liom go fóill: níl á dhéanamh amháin agam ach an bóthar atá gafa a ligean i ndearmad agus luí amach go dícheallach ar an mbóthar atá romham


Mar thit Déamas i ngrá leis an saol seo, thréig sé mé agus d'imigh leis go Teasaloinicé. D'imigh Créiscéas go Galait agus Títeas go Dalmait.


Mairfidh an fíréan seo agamsa de bharr a chreidimh. Ach má thugann sé a chúl leis ní bheidh gnaoi agam air.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí