Lúcás 9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL IX. Ná h-Asboil dá gcur amach ag Críost. Bia dá thabhairt aige do chúig mhíle duine a’ chúig bhulógaibh, an t-Atharú gné do theacht air. Deamhan a’ duine dá chur amach aige. 1 Do ghlaoidh sé chuige an dáréag Aspol agus thug sé dhóibh cómhacht agus cumas ar gach aicme deamhan, agus leigheas ar ghalaraibh. 2 Agus chuir sé uaidh iad ag craobhsgaoileadh rígheachta Dé agus ag leigheas daoine breóite. 3 Agus dubhairt sé leó: Ná tógaidh aon rud i gcóir an bhóthair, bata ná mála ná arán ná airgead, agus ná bíodh dhá bhrat ag aoinne agaibh; 4 Agus pé tigh n-a raghaidh sibh isteach ann, fanaidh ann, agus ná h-imthighidh amach as. 5 Agus pé daoine ná glacfaidh sibh imthighidh amach as an gcathair sin agus deinidh an ceó do chrothadh d’bhúr gcosaibh mar fhiadhnuise ’n-a gcoinnibh. 6 Agus do ghluaiseadar amach mór-thímpal tré sna bailtibh ag craobhsgaoileadh an tSoisgéil agus ag leigheas ins gach aon bhall. 7 Agus d’airigh Héród, an tetrarc, gach nídh a bhí aige ’á dhéanamh, agus bhí sé ar mearbhall, mar deireadh daoine, 8 Gur bh’é Eóin a dh’eirigh ós na mairbh; agus deireadh daoine eile gur bh’é Elias a thaisbeáin é féin; agus deireadh daoine eile gur dhuine éigin de sna sean-fháidhibh a dh’eirigh. 9 Agus dubhairt Héród: Bhaineas-sa an ceann d’Eóin; ach cé h-é seo go h-airighim na neithe seo mar gheall air? Agus bhí sé a d’iarraidh é dh’fheisgint. 10 Agus tháinig na h-Aspoil thar n-ais agus d’innseadar dó gach a raibh déanta acu; agus do rug sé leis iad i leithtaoibh i n-áit uaigneach dár bh’ainim Betsaida. 11 Agus nuair a fuair na sluaighte amach an méid sin do leanadar é; agus do ghlac sé iad, agus bhí sé ag caint leó i dtaobh rígheachta Dé, agus na daoine a bhíodh i ngádh le leigheas do leighiseadh sé iad. 12 Agus thusnuigh an lá ar dhul i ndéanaighe. Agus tháinig an dáréag chuige agus dubhradar leis: Leig na sluaighte chun siubhail, i dtreó go n-imteóchaid siad ar fuid na mbailte agus na dtighthe mór-thímpal agus go bhfaighid siad lóisdín agus bia, óir is i bhfásach atáimíd anso. 13 Agus dubhairt sé leó: Tugaidh-se rud le n-ithe dhóibh. Agus dubhradar-san: Ní’l againn ach chúig bulóga agus dhá iasg, murab amhlaidh a raighmís agus bia cheannach do’n tsluagh mhór so go léir. 14 Bhí tímpal chúig mhíle fear sa tsluagh. Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Cuiridh ’n-a suidhe iad ’n-a gcuideachtanaibh, caogad i ngach cuideachtain. 15 Agus dheineadar amhlaidh, agus chuireadar na daoine go léir ’n-a suidhe. 16 Ansan do thóg sé na chúig bulóga agus an dá iasg, agus d’fhéach sé suas chun neimhe agus bheannuigh sé iad, agus do bhris, agus thug d’a dheisgiobuil le cur os cómhair na ndaoine. 17 Agus d’ith na daoine go léir a ndóithin, agus do tógadh dhá chiseán déag de bhia briste a fágadh. 18 Agus do tharla, nuair a bhí sé i n’aonar ag guidhe, go raibh a dheisgiobuil i n’fhochair, agus cheistigh sé iad agus dubhairt sé: Cé adeir na daoine is mise? 19 Agus d’fhreagradar-san agus dubhradar: Eóin Baiste; agus deir cuid acu Elias; agus deir tuille acu gurab amhlaidh a dh’eirigh duine de sna sean-fháidhibh. 20 Agus dubhairt sé leó: Ach sibh-se, cé adeir sibh is mé? Agus d’fhreagair Símón Peadar agus dubhairt: Críost Dé. 21 Agus thug sé foláramh dóibh agus dubhairt leó gan an nídh sin a dh’innsint d’aoinne, 22 ’Ghá rádh: Ní foláir do Mhac an Duine mórán d’fhulang, agus go séanfadh na seanóirí é, agus uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí, agus go gcurfaí chun báis é, agus go n-aiseireóchadh sé an trímhadh lá. 23 Agus dubhairt sé leó uile: Má’s áil le h-aoinne teacht am’ dhiaidh séanadh sé é féin, agus tógadh sé a chros gach lá, agus leanadh sé mé. 24 Óir an t-é gur maith leis a anam féin do shábháil, caillfidh sé é; agus an t-é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa, sábhálfaidh sé a anam. 25 Óir cad é an tairbhe do dhuine má dheineann sé an saoghal mór do bhuachtaint agus é féin do mhilleadh agus do chailleamhaint? 26 Óir an t-é do ghlacfaidh náire mar gheall orm-sa agus ar mo bhréithre, glacfaidh Mac an Duine náire mar gheall ar an nduine sin, nuair a thiocfaidh sé ’n-a ghradam agus i ngradam a Athar agus na n-aingeal naomhtha, 27 Deirim libh go fíor, ámhthach, go bhfuil daoine ’n-a seasamh anso ná blaisfidh bás go bhfeicfid siad rígheacht Dé. 28 Agus do thárla, tímpal ocht lá tar éis na cainte sin, gur thóg sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin, agus go ndeaghaidh sé suas ar an gcnoc chun úrnuighthe dhéanamh. 29 Agus an fhaid a bhí sé ag guidhe d’athruigh a ghnúis, agus d’iompuigh a chuid éadaigh geal, taithneamhach. 30 Agus féach, bhí beirt ag cómhrádh leis, agus Maois agus Elias iad san. 31 Do chonacthas iad i nglóire, agus do thráchtadar ar a bhas, an bás a bhí aige le críochnú i nIerúsalem. 32 Agus tháinig mairbhitíghe codlata ar Pheadar agus ar an muintir a bhí i n’fhochair. Agus do mhúsgladar, agus do chonacadar a ghradam, agus an bheirt a bhí ’n-a seasamh ’n-a theannta. 33 Agus do thárla, nuair a bhíodar ag imtheacht uaidh, go ndubhairt Peadar le h-Íosa: A Mháighistir, is maith an bhail orainne bheith anso; agus deinimís anso trí puible, pubal duit-se, agus pubal do Maois, agus pubal d’Elias; agus gan a fhios aige cad a bhí aige dh’á rádh. 34 Agus au fhaid a bí sé ag rádh an méid sin tháinig sgamall agus do chlúdaigh sé iad, agus tháinig eagal ortha nuair a bhíodar ag dul isteach sa sgamall. 35 Agus do labhair guth as an sgamall agus dubhairt: Isé seo mo Mac dílis-se; deinidh éisteacht leis. 36 Agus le linn au ghutha do labhairt do fuaradh Íosa i n’aonar. Agus bhíodar-san ciúin, agus níor innseadar d’aoinne ins na laethanta san aon nídh de sna neithibh a chonacadar. 37 Agus do tharla, an lá ’n-a dhiaidh san, ag teacht anuas ó’n gcnoc dóibh, gur bhuail sluagh mhór uime. 38 Agus féach, do labhair duine de’n tsluagh amach agus dubhairt sé: A Máighistir, guidhim thú, féach ar mo mhac, mar ní’l agam ach é; 39 Agus féach, beireann an deamhan air, agus cuireann sé sgread as go h-obann, agus bíonn sé ’ghá leagadh agus ’ghá stracadh as a chéile, agus cúbhar leis, agus is ar éigin a sgarann se leis ach ’ghá stracadh. 40 Agus d’iarras ar do dheisgiobuil é chur amach, agus do theip sé ortha. 41 Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Ó, a shliocht chlaon gan creideamh, an fada a bheidh mé eadraibh ag cur suas libh? Tabhair anso do mhac. 42 Agus nuair a bhí sé ag teacht do leag an deamhan é, agus bhí sé ’ghá stracadh. 43 Agus do smachtuigh Íosa an deamhan truaillighthe, agus do leighis sé an buachaill, agus thug sé d’á athair é. 44 Agus bhí uathbhás ar na daoine go léir tré mhór-chómhacht Dé. Agus nuair a bhíodar go léir ag déanamh iongna de sna gníomhartha a bhí aige ’á dhéanamh, dubhairt sé le n-a dheisgiobulaibh: Coimeádaidh-se cuimhne ar an gcaint sin i nbhúr gcroidhe: óir tá Mac an Duine le tabhairt i lámhaibh daoine. 45 Agus níor thuigeadar brígh na cainte sin, agus bhí an brígh i bhfolach uatha, ionus ná mothóchaidís é; agus níor leis eagla dhóibh é cheistiú i dtaobh na cainte sin. 46 Agus d’eirigh tnúth eatartha féachaint cé ’cu dhiobh ba mhó. 47 Agus chonaic Íosa na smuínte a bhí ’n-a gcroidhe, agus do rug sé ar leanbh, agus chuir sé ’n-a seasamh i n’aice é. 48 Agus dubhairt sé leó-san: An t-é a ghlacfaidh an leanbh san am’ ainim-se glacann sé mise; agus an t-é a ghlacfaidh mise glacann sé an t-é do chuir uaidh mé; óir an t-é is lúgha agaibh go léir isé is mó. 49 Agus d’fhreagair Eóin agus dubhairt: A Mháighistir, chonacamair duine agus é ag cur deamhan amach ad’ ainim-se, agus choisgeamair é, toisg ná gabhann sé linne. 50 Agus dubhairt Íosa leis: Ná coisgidh é: mar, an t-é ná fuil i nbhúr gcoinnibh tá sé libh. 51 Agus do thárla, fé mar a bhí laethanta a dheasgabhála d’á gcríochnú, go raibh a ghnúis daingean aige féin ar dhul go Ierúsalem. 52 Agus chuir sé teachtairí roimis amach, agus chuadar isteach i gcathair de chatharachaibh na Samaritánach chun neithe chur i dtreó dhó. 53 Agus níor leigeadar isteach é toisg a ghnúis a bheith daingean ar dhul go Ierúsalem. 54 Agus nuair a chonaic a dheisgiobuil, Séamus agus Eóin, an nídh sin dubhradar: A Thighearna, an toil leat go ndéarfaimís teine theacht ó neamh chun iad do losgadh? 55 Agus d’iompuigh sé ortha agus thug sé milleán dóibh, agus dubhairt sé: Ní fios daoibh an spioraid atá ionaibh. 56 Ní chun anamnacha do mhilleadh a tháinig Mac an Duine, ach chun iad do shábháil. Agus d’imthigheadar go baile eile. 57 Agus thárla, an fhaid a bhíodar ar an slígh, go ndubhairt duine éigin leis: Leanfad-sa thusa, a Thighearna, pé ball ’n-a ngeobhair. 58 Agus dubhairt Íosa leis: Táid poill talmhan ag na madraíbh ruadha, agus a neadacha ag éanlaithe an aeir, ach ag Mac au Duine ni’l áit ’n-a leigfeadh sé a cheann. 59 Dubhairt sé, ámhthach, le duine eile: Leansa mise; agus dubhairt seisean: A Thighearna, leis dom dul ar dtúis agus m’athair do chur. 60 Agus dubhairt Íosa leis: leig do sna mairbh na mairbh do chur; ach imthigh-se agus dein rígheacht Dé d’fhógairt. 61 Agus dubhairt duine eile: Leanfad thú, a Thighearna, ach leig dom dul agus é dh’innsint do’n mhuintir atá sa bhaile. 62 Dubhairt Íosa leis: Aoinne a chuirfidh a lámh ar an gcéachta agus ansan a bheidh ag féachaint lastiar de, ní’l sé oireamhnach do rígheacht Dé. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society