Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 9:16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Ansan do thóg sé na chúig bulóga agus an dá iasg, agus d’fhéach sé suas chun neimhe agus bheannuigh sé iad, agus do bhris, agus thug d’a dheisgiobuil le cur os cómhair na ndaoine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Agus ghlac sé na cúig bhuilín aráin agus an dá iasc, agus dʼamharc sé in airde i dtreo neimhe, agus bheannaigh sé agus roinn sé iad, gur thug do na deisceabail iad lena leagan roimh an slua.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Agus ag glacadh na gcúig n-arán agus an dá iasc dó, d’amharc sé suas ar neamh agus bheannuigh, agus bhris, agus thug dá dheisciobail, go gcuireadh siad ós cómhair na sluagh iad.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus do ghlac sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féachain suas ar neamh dhó, do bheannuigh agus do bhris sé iad; agus thug sé d’á dheisceablaibh iad chum go gcuirfidís os cómhair na ndaoine iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus ar ngabháil na gcúig narán agus an dá iásg dhósan, agus ar bhféachain sias ar neamh, do bheannuigh sé iád, agus do bhris sé, agus tug sé dhá dheisciobluibh iád do chum go gcuirfidís a bhfiadhnuisi an phubail iád.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Thóg sé na cúig bhuilín agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh iad agus bhris agus thug do na deisceabail iad le cur os comhair an tslua.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh iad agus bhris agus thug do na deisceabail iad le cur os comhair an tslua.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 9:16
16 Tagairtí Cros  

Agus dubhairt sé leis na daoine suidhe ar an bhféar; agus thóg sé na chúig bhulóga agus an dá iasg, agus d’fhéach sé suas chun neimhe agus bheannuigh sé iad, agus bhris sé iad, agus thug sé dos na deisgiobuil iad, agus thugadar-san dos na sluaightibh iad;


Agus thóg sé na seacht mbulóga agus na h-iasga, agus ghaibh sé buidheachas, agus do bhris sé iad, agus thug sé dos na deisgiobuil iad, agus thugadar-san do’n tsluagh iad.


Agus d’fhéach sé suas chun na bhflathas agus dhein sé osna, agus dubhairt Ephpheta, ’sé sin, Osgail.


Agus thóg sé arán agus ghaibh sé buidhchas agus do bhris sé é agus thug sé dhóibh é agus dubhairt sé: ’Sé mo chorp é seo, a tugtar ar bhúr son; deinidh an nídh seo mar chuimhneamh orm.


Agus do thárla, an fhaid a bhí sé ag caitheamh bídh ’n-a bhfochair, gur thóg sé arán, agus gur bheannuigh sé é agus gur bhris sé é, agus gur thug sé dhóibh é.


Agus dheineadar amhlaidh, agus chuireadar na daoine go léir ’n-a suidhe.


Agus d’ith na daoine go léir a ndóithin, agus do tógadh dhá chiseán déag de bhia briste a fágadh.


Ansan do thóg Íosa an t-arán agus ghaibh sé buidheachas agus do rainn sé é ar na daoine agus iad ’n-a suidhe, agus na h-éisg ar an gcuma gcéadna, go rabhadar go léir sásta.


Tháinig, ámhthach, loingeas eile ó Thiberias i n-aice na h-áite ’n-ar h-itheadh an t-arán, nuair a ghaibh an Tighearna buidheachas;


Nuair a bhi an méid sin ráidhte aige do thóg se arán agus ghaibh se bhuidhchas le Dia os a gcómhair go léir, agus bhris sé an t-arán agus chrom sé ar ithe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí