Lúcás 9:16 - An Bíobla Naofa 198116 Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh iad agus bhris agus thug do na deisceabail iad le cur os comhair an tslua. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)16 Agus ghlac sé na cúig bhuilín aráin agus an dá iasc, agus dʼamharc sé in airde i dtreo neimhe, agus bheannaigh sé agus roinn sé iad, gur thug do na deisceabail iad lena leagan roimh an slua. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara16 Agus ag glacadh na gcúig n-arán agus an dá iasc dó, d’amharc sé suas ar neamh agus bheannuigh, agus bhris, agus thug dá dheisciobail, go gcuireadh siad ós cómhair na sluagh iad. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)16 Agus do ghlac sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féachain suas ar neamh dhó, do bheannuigh agus do bhris sé iad; agus thug sé d’á dheisceablaibh iad chum go gcuirfidís os cómhair na ndaoine iad. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)16 Agus ar ngabháil na gcúig narán agus an dá iásg dhósan, agus ar bhféachain sias ar neamh, do bheannuigh sé iád, agus do bhris sé, agus tug sé dhá dheisciobluibh iád do chum go gcuirfidís a bhfiadhnuisi an phubail iád. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)16 Ansan do thóg sé na chúig bulóga agus an dá iasg, agus d’fhéach sé suas chun neimhe agus bheannuigh sé iad, agus do bhris, agus thug d’a dheisgiobuil le cur os cómhair na ndaoine. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201216 Thóg sé na cúig bhuilín agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh iad agus bhris agus thug do na deisceabail iad le cur os comhair an tslua. Féach an chaibidil |
An fear a dhéanann lá áirithe a chomóradh, is chun onóra Dé a dhéanann sé é. Agus an fear a chaitheann cineál áirithe bia is chun onóra Dé a chaitheann sé é agus is do Dhia a altaíonn sé. Agus an fear a staonann ó bhia áirithe is chun onóra Dé a staonann sé uaidh, agus is do Dhia a altaíonn seisean chomh maith.
Buailfidh sibh leis a luaithe a rachaidh sibh isteach sa chathair sula dtéann sé in airde ar an ardionad don bhéile; ní íosfaidh an pobal greim bia go dtí go dtiocfaidh sé, mar chaithfidh sé an íobairt a bheannú, ansin íosfaidh an mhuintir a gheobhaidh cuireadh. Téigí suas anois agus ní fada go bhfaighidh sibh é.”