Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Lúcás 9 - Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara


Caibidil IX Cuireann Críost a Abstail amach fríd an tír: cothuigheann sé cúig mhíle le cúig h-aráin: tig athrughadh crotha air: agus teilgeann sé amach deamhan.

1 Annsin nuair a ghoir sé chuige an dáréag Abstal, thug sé cumhacht agus ughdarás dóibh ar na deamhain go h-uile, agus galair a leigheas.

2 Agus chuir sé iad a sheanmóir ríoghacht Dé, agus a leigheas na ndaoine breoidhte.

3 Agus dubhairt sé leo: Ná tabhairigidh dadamh libh le h-aghaidh bhur n-aistir, bata, ná mála, ná arán, ná airgead, agus ná bíodh dhá chóta agaibh.

4 Agus cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, cómhnuighigidh annsin, agus ná h-imthighigidh as.

5 Agus muna bhfáiltighidh daoine rómhaibh, cibé ar bith iad, ag dul amach as an chathair sin díbh, craithigidh fiú an dusta de bur gcosa mar fhiadhnaise ina n-aghaidh.

6 Agus ar imtheacht dóibh thaisteal siad na bailte, ag seanmóireacht an tsoiscéil agus ag leigheas i ngach áit.

7 Acht chuala Ioruadh, an teatrarc, fá na neithe uilig a bhí dá ndéanamh aige, agus bhí amhras air de bhrígh go n-abradh

8 Cuid de na daoine, gur éirigh Eoin ó na mairbh; acht deireadh cuid eile, gur thaisbeán Elías é féin; acht deireadh tuilleadh, gurbh é duine de na sean-fháidhe a d’éirigh.

9 Agus dubhairt Ioruadh: Bhain mise an ceann de Eoin; acht cé h-é seo fá n-a gcluinim a leithéidí? Agus bhí sé ag iarraidh é d’fheiceáil.

10 Agus ar philleadh do na h-Abstail, d’innis siad dó gach nídh dá ndearna siad, agus thug sé leis i leith iad agus bhain amach áit uaigneach ar de Bhethsaida í.

11 Agus nuair a bhí a fhios sin ag na sluaighte, lean siad é; agus ghabh sé chuige iad, agus labhair sé leo ar ríoghacht Dé, agus leigheas sé iad sin a raibh leigheas do dhíth ortha.

12 Acht thoisigh an lá a theacht chun deiridh. Agus tháinic an dáréag chuige gur dhubhairt leis: Cuir ar shiubhal na sluaighte, go dtéighidh siad isteach ins na bailte agus na feirmeacha, atá thart timcheall, chun lóistín agus biadh d’fhagháil, óir is fásach an áit seo ina bhfuilmíd.

13 Acht dubhairt seisean leo: Tabhairigidh sibh-se rud éigin le h-ithe dóibh. Agus dubhairt siad-san leis: Ní fhuil níos mó ná cúig h-aráin agus dhá iasc againn, sin muna dtéighimíd agus biadh a cheannach do’n tsluagh seo uilig.

14 Agus bhí tuairim ar chúig mhíle fear ann. Agus dubhairt sé le n-a dheisciobail: Cuirigidh ina suidhe iad i mbuidheanta, leith-chéad an bhuidhean.

15 Agus rinne siad amhlaidh, agus chuir siad ina suidhe iad uilig.

16 Agus ag glacadh na gcúig n-arán agus an dá iasc dó, d’amharc sé suas ar neamh agus bheannuigh, agus bhris, agus thug dá dheisciobail, go gcuireadh siad ós cómhair na sluagh iad.

17 Agus d’ith siad uilig agus fuair siad a sáith, agus tógadh a raibh fágtha i bhfuighleach acu, dhá bháscáid dhéag de chonamair.

18 Agus thárla, nuair a bhí sé ag guidhe ina aonar, go raibh a dheisciobail fosta ina chuideachta, agus cheistigh sé iad, ag rádh: Cé deir na sluaighte is mise?

19 Agus dubhairt siad-san leis, ghá fhreagairt: Eoin Baiste, acht cuid eile, Elías, agus tuilleadh, gur duine de na sean-fháidhe a d’éirigh.

20 Agus dubhairt sé leo: Acht cé deir sibh-se is mé? D’fhreagair Síomon Peadar agus dubhairt: Críost Dé.

21 Agus bhagair sé ortha agus d’aithin dóibh gan seo d’innse do dhuine ar bith,

22 Ag rádh: Is éigean do Mhac an Duine mórán neithe d’fhuilstin, go séanadh na seanóirí agus uachtaráin na sagart agus na Scríobhaidhthe é, go gcuirthí chun báis é, agus go n-éirigheadh sé arís ar an treas lá.

23 Agus dubhairt sé leo uilig: Má’s áil le h-aoinneach teacht mo dhiaidh-se, diúltadh sé é féin, agus tógadh sé a chros gach lá, agus leanadh sé mé.

24 Óir cibé ar mian leis a anam a shábháil, caillfidh sé é: óir an té a chaillfeas a anam ar mo shon-sa, sábhlóchaidh sé é.

25 Óir cad é is feárrde duine, má ghnóthuigheann sé an domhan uilig, agus é féin a chailleamhaint agus a aimhleas féin a dhéanamh?

26 Óir an té a mbéidh náire air fúm-sa agus faoi mo bhriathra, béidh náire ar Mhac an Duine faoi-sean, nuair a thiocfas sé ina ghlóir agus i nglóir a Athar agus na naomh-aingeal.

27 Agus deirim libh go fírinneach: Tá cuid dá bhfuil ina seasamh annseo nach mblaisfidh bás go dtí go bhfeicidh siad ríoghacht Dé.

28 Agus thárla tuairim agus ocht lá i ndiaidh na mbriathar sin, gur ghabh sé chuige Peadar agus Séamus agus Eoin, agus chuaidh sé suas ar an tsliabh a dhéanamh urnaighe.

29 Agus le linn dó a bheith ag guidhe, d’athruigh gné a aghaidhe, agus d’éirigh a chuid éadaigh geal agus lonnardha.

30 Agus féach, bhí dhá fhear ag cómhrádh leis. Agus b’iad sin Maoise agus Elías,

31 Dá léiriughadh i nglóir, agus bhí siad ag cainnt ar a bhás, a bhí le críochnughadh aige i n-Ierusalem.

32 Acht bhí codladh trom ar Pheadar, agus ortha sin a bhí leis. Agus ar mhuscladh dóibh, chonnaic siad a ghlóir, agus an dá fhear a bhí ina seasamh ina fhochair.

33 Agus thárla, nuair a bhí siad ag imtheacht uaidh, dubhairt Peadar le h-Íosa: A Mháighistir, is maith dúinn a bheith annseo; déanamaois trí botha, ceann duit-se, agus ceann do Mhaoise, agus ceann do Elías, óir ní raibh a fhios aige cad é bhí dá rádh aige.

34 Agus le linn dó a bheith ag rádh na neithe sin, tháinic néall, agus chuir a scáile ortha, agus ghlac siad eagla ag dul isteach san néall dóibh.

35 Agus tháinic guth as an néall, ag rádh: Is é seo mo Mhac múirneach; éistigidh leis.

36 Agus le linn a theacht do’n ghuth, fuarthas Íosa ina aonar. Agus d’fhan siad-san ina dtost, agus níor innis siad do dhuine ar bith ins na laethe sin aon nídh dá bhfaca siad.

37 Agus thárla lá ar n-a bhárach, ag teacht anuas de’n tsliabh dóibh, gur casadh sluagh mór ortha.

38 Agus féach, scairt fear as an tsluagh, ag rádh: A Mháighistir, guidhim thú, dearc ar mo mhac, óir ní fhuil agam acht é;

39 Agus féach, beireann spiorad air, agus, screadann sé go tobann, agus leagann agus tarraingeann sé as a chéile é agus cubhar leis, agus ní mó ná go scarann sé leis, acht é ghá strócadh.

40 Agus d’iarr mé ar do dheisciobail é theilgean amach, acht ní tháinic leo.

41 Agus d’fhreagair Íosa, agus dubhairt: A ghlúin mhíchreidmheach, chlaon, cá fhad a bhéas mé i bhur measc agus a chuirfeas mé suas libh? Tabhair do mhac annseo chugam.

42 Agus nuair a bhí sé ag teacht chuige, leag an deamhan é agus tharraing sé as a chéile é.

43 Agus bhagair Íosa ar an spiorad neamhghlan, agus leigheas sé an gasúr, agus thug sé thar ais dá athair é.

44 Agus ghabh uathbhás iad uilig fá mhór-chumhacht Dé, agus nuair a bhí siad uilig ag déanamh iongantais de gach nídh dá ndearna sé, dubhairt sé le n-a dheisciobail: Cuirigidh na briathra seo i bhur gcroidhthe; óir tá Mac an Duine le tabhairt i lámha daoine.

45 Acht níor thuig siad-san an chainnt sin, agus bhí sí ceilte ortha, ionnas nár airigh siad í, agus bhí eagla ortha é cheistiughadh fá’n chainnt sin.

46 Agus tháinic an smaoineadh chuca, cé acu a ba mhó.

47 Acht ar fheiceáil smaointe a gcroidhe do Íosa, ghabh sé leanbh chuige, agus chuir sé ina aice féin é,

48 Agus dubhairt leo: Cibé a ghlacfas an leanbh seo i m’ainm-se, glacann sé mise, agus cibé a ghlacfas mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé; óir an té ar lugha é eadraibh uilig, is é is mó.

49 Agus d’fhreagair Eoin, agus dubhairt: A Mháighistir, chonnacamar duine áirithe ag teilgean amach deamhan i d’ainm-se, agus choscamar é, de bhrígh nach leanann sé i n-ár gcuideachta.

50 Agus dubhairt Íosa leis: Ná coscaigidh; óir an té nach mbíonn i bhur n-aghaidh, bíonn sé ar bhur leith.

51 Agus thárla, nuair a bhí laethe a dheasgabhála dá gcríochnughadh, gur chuir sé a aghaidh go daingean ar dhul go h-Ierusalem.

52 Agus chuir sé teachtairí roimhe, agus ar imtheacht dóibh, chuaidh siad isteach i mbaile de chuid na Samáiriteánach, le déanamh réidh dó.

53 Agus níor fháiltigh siad roimhe, de bhrígh go raibh a aghaidh mar aghaidh duine ag dul go h-Ierusalem.

54 Agus nuair a chonnaic a dheisciobail, Séamus agus Eoin, sin, dubhairt siad: A Thighearna, an áil leat go n-abramaois teine a theacht ó neamh chun iad sin a loscadh?

55 Agus ag tionntódh thart dó, thug sé achmhusán dóibh, ag rádh: Ní fhuil a fhios agaibh cé’n spiorad ar de sibh.

56 Ní tháinic Mac an Duine le h-anmanna a scrios, acht a shábháil. Agus d’imthigh siad go baile eile.

57 Agus thárla, nuair a bhí siad ag siubhal san tslighe, gur dhubhairt duine áirithe leis: Leanfaidh mé thú cibé ar bith áit a rachas tú.

58 Dubhairt Íosa leis: Tá plothógaí ag na sionnaigh, agus tá neadracha ag éanacha an aeir, acht ag Mac an Duine ní fhuil áit ar a leagfadh sé a cheann.

59 Agus dubhairt sé le duine eile: Lean mise; acht dubhairt seisean: A Thighearna, leig damh dul a chéadradh agus m’athair a chur.

60 Agus dubhairt Íosa leis: Leig do na mairbh a gcuid marbh a chur; acht téigh thusa agus foillsigh ríoghacht Dé.

61 Agus dubhairt duine eile: Leanfaidh mé thú, a Thighearna, acht leig damh é d’innse a chéadradh do’n mhuinntir atá san bhaile.

62 Dubhairt Íosa leis: Aoinneach a chuireas a lámh leis an tseisrigh agus a bhíos ag amharc siar ina dhiaidh, ní fhóireann sé do ríoghacht Dé.

rights held by the Bible Society in Northern Ireland

Bible Society in Northern Ireland
Lean orainn:



Fógraí