Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Lúcás 9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do ghlaodh sé an dáréag chuige, agus thug sé dhóibh cumhacht agus ughdarás ar na deamhnaibh go léir, agus chum galair do leigheas.

2 Agus do chuir sé amach iad ag craobhscaoileadh ríoghachta Dé, agus ag leigheas na n‐easlán.

3 Agus adubhairt sé leo, Ná beiridh rud ar bith libh le h‐aghaidh bhúr dturais, bata siubhail, ná mála, ná arán, ná airgead; agus ná bíodh dhá chóta ag duine agaibh.

4 Agus cibé teach i n‐a rachfaidh sibh isteach, fanaidh annsin, agus imthighidh as sin.

5 Agus cibé daoine nach nglacfaidh chuca sibh, ag imtheacht as an gcathair sin daoibh, crothaidh an luaithreadh de bhúr gcosaibh mar fhiadhnaise ’n‐a n‐aghaidh.

6 Agus d’imthigheadar‐san, agus do ghluaiseadar rómpa ar fud na mbailte mbeag, ag craobhscaoileadh an tsoiscéil, agus ag leigheas ins gach aon bhall.

7 Agus do‐chuala Ioruath an tetracha i dtaobh gach nidh do bhí d’á dhéanamh: agus do bhí mearbhall mór air, mar do bhí dream g‐á rádh gurbh é Eoin d’éirigh ó na marbhaibh;

8 agus do bhí dream eile g‐á rádh gurbh é Élias do thaisbeán é féin, agus adubhairt dream eile gur aiséirigh duine éigin de na sean‐fháidhibh.

9 Agus adubhairt Ioruath, Do dhí‐cheannas‐sa Eoin: acht cia h‐é seo go gcluinim a leithéide de scéalaibh ’n‐a thaobh? Agus do theastuigh uaidh radharc d’fhágháil air.

10 Agus nuair d’fhill na h‐abstail, d’inniseadar dó a raibh déanta aca. Agus do rug sé leis iad, agus do chuaidh sé go h‐áit ar leith, go cathair ar a dtugtar Bétsáida.

11 Acht ar n‐a fheicsin sin do’n sluagh, do leanadar é: agus d’fháiltigh sé rómpa, agus do labhair sé leo i dtaobh ríoghachta Dé, agus do leigheas sé iad‐san ag a raibh gábhadh leis.

12 Agus do bhí an lá ag dul i ndéidheannaighe; agus tháinig an dáréag, agus adubhradar leis, Cuir na sluaighte chum bealaigh, ionnas go rachaidh siad isteach ins na bailtibh beaga, agus sa tír thart thimcheall, chum lóistín agus lón d’fhágháil: óir is i bhfásach atáimíd annso.

13 Acht adubhairt seisean leo, Tabhraidh‐se rud le n’ithe dhóibh. Agus adubhradar‐san, Ní fhuil againne acht cúig bollóga agus dhá iasc; muna dtéighmís ag ceannach bidh do na daoinibh seo go léir.

14 Óir do bhí timcheall cúig míle fear ann. Agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Cuiridh ’n‐a suidhe ’n‐a gcipibh iad, timcheall caogad i ngach cipe.

15 Agus do‐rinneadar amhlaidh, agus do chuireadar iad go léir ’n‐a suidhe.

16 Agus do ghlac sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féachain suas ar neamh dhó, do bheannuigh agus do bhris sé iad; agus thug sé d’á dheisceablaibh iad chum go gcuirfidís os cómhair na ndaoine iad.

17 Agus d’itheadar, agus do bhí a ndóthain aca go léir: agus do tógadh lán dá chiseán déag de’n fhuighleach do bhí fágtha aca.

18 Agus tharla, agus é ag guidhe ’n‐a aonar, go raibh na deisceabail ’n‐a fhochair: agus do cheistigh sé iad, g‐á rádh, Cia h‐é adeir na daoine gur mise?

19 Agus d’fhreagradar‐san, g‐á rádh, Eoin Baiste; acht adeir daoine eile, Élias; agus daoine eile, gur duine de na sean‐fháidhibh d’éirigh.

20 Agus adubhairt sé leo, Acht cia h‐é adeir sibh‐se gur mé? Agus d’fhreagair Peadar, agus adubhairt sé, Críost Dé.

21 Agus thug sé fógra dóibh, agus d’órduigh sé dhóibh gan a innsin sin d’aoinneach;

22 g‐á rádh, Caithfidh Mac an Duine mórán d’fhulang, agus go séanfadh na seanóirí, agus uachtaráin na sagart, agus na scríobhaidhthe é, agus go marbhóchaidhe é, agus go n‐aiséireochadh sé an tríomhadh lá.

23 Agus adubhairt sé leo uile, Má’s áil le h‐aoinneach mise do leanmhain, diúltadh sé dhó féin, agus tógadh sé a chros gach lá, agus leanadh sé mé.

24 Óir cibé duine gur maith leis a anam do shaoradh, caillfidh sé é; acht cibé duine chaillfeas a anam ar mo shon‐sa, is é sin shaorfas é.

25 Óir caidé a thairbhe do dhuine an domhan mór do ghnóthú, agus a anam féin do chailleamhain nó do chur ar fán?

26 Óir cibé duine gur nár leis mise agus mo bhriathra, budh nár le Mac an Duine eisean, nuair thiocfas sé ’n‐a ghlóir féin, agus i nglóir a Athar agus na naomh‐aingeal.

27 Acht adeirim libh go fírinneach, Atá roinnt díobh‐san atá ’n‐a seasamh annso, nach mblaisfidh bás, nó go bhfeicfidh siad ríoghacht Dé.

28 Agus tharla, timcheall ocht lá tar éis na cainnte sin, go dtug sé leis Peadar, agus Eoin, agus Séamas, agus go ndeachaidh sé suas ar shléibh chum urnaighe do dhéanamh.

29 Agus le linn guidhe dhó, tháinig athrú gné air, agus d’éirigh a éadaighe geal, lonnrach.

30 Agus féach, do bhí beirt ag cómhrádh leis, agus ba iad Maois agus Élias iadsan;

31 do chonnacthas iad i nglóir, agus do labhradar i dtaobh a bháis do bhí le fulang aige i nIarúsalem.

32 Agus do bhí codladh trom ar Pheadar agus ortha‐san do bhí ’n‐a fhochair; acht nuair do bhíodar ’n‐a lán‐dúiseacht, do chonnacadar a ghlóir, agus an bheirt fhear do bhí ’n‐a seasamh ’n‐a fhochair.

33 Agus tharla, nuair do bhíodar‐san ag imtheacht uaidh go ndubhairt Peadar le h‐Íosa, A Mháighistir, is maith dhúinn bheith annso: déanaimís trí botha; both dhuit‐se, agus both do Mhaois, agus both d’Élias: agus gan a fhios aige créad do bhí aige d’á rádh.

34 Agus le linn cainnte dhó, tháinig scamall, agus do chlúduigh sé iad: agus do bhí eagla ortha agus iad ag dul isteach fá’n scamall.

35 Agus tháinig guth as an scamall amach, adubhairt, Is é seo mo Mhac, mo rogha: éistidh leis.

36 Agus nuair do labhair an guth, frith Íosa ’n‐a aonar. Agus d’fhanadar‐san ’n‐a dtost, agus níor inniseadar d’aoinneach ins na laethibh sin i dtaob a bhfacadar.

37 Agus tharla, an lá ’n‐a dhiaidh sin, ar dtheacht anuas ó’n tsléibh dóibh, go dtáinig sluagh mór amach ’n‐a airchis.

38 Agus féach, fear de’n tsluagh do ghlaodh amach, g‐á rádh, A Mháighistir, impidhim ort, féach ar mo mhac; óir is é m’aon mhac é:

39 agus féach, beireann spioraid air, agus screadann sé go h‐obann; agus tarraingeann sí as a chéile é, go gcuireann sé cubhar, agus is ar éigean fhágas sí é, acht í g‐á bhrúghadh go millteach.

40 Agus d’impidheas ar do dheisceablaibh a cur amach; acht níor fhéadadar a dhéanamh.

41 Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé, A shliocht mhíchreidmhigh, chlaoin, cá fhad bhéas mé eadraibh, agus fhuilingeochas mé libh? tabhair chugam do mhac.

42 Agus ag teacht chuige dhó, do leag an deamhan ar lár é, agus do tharraing sé as a chéile é. Acht do smachtuigh Íosa an spioraid neamh‐ghlan, agus do leigheas sé an buachaill, agus thug sé ar ais d’á athair é.

43 Agus do bhí uathbhás ar chách mar gheall ar mhór‐chumhacht Dé. Agus nuair do bhí gach uile dhuine ag déanamh ionganta de gach nidh do bhí d’á dhéanamh aige, adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh,

44 Cuiridh‐se na ráidhte seo i dtaisce ’n‐bhúr gcluasaibh: óir atá Mac an Duine le tabhairt i lámhaibh daoine.

45 Acht níor thuigeadar brigh na cainnte sin, agus do bhí sí fá cheilt ortha, ionnas nach n‐aireochaidís í: agus do b’eagal leo ceist do chur air i dtaobh na cainnte sin.

46 Agus d’éirigh conspóid eadortha, d’fhéachain cia aca dhíobh ba mhó.

47 Agus nuair thug Íosa fá deara an machtnamh do bhí ’n‐a gcroidhe, do rug sé ar leanbh beag, agus do chuir sé ’n‐a sheasamh le n‐a ais é,

48 agus adubhairt sé leo, Cibé duine ghlacfas chuige an leanbh beag so im’ ainm‐se, glacann sé mise: agus cibé duine ghlacfas mise chuige, glacann sé chuige an té do chuir uaidh mé: óir an té is lugha eadraibh uile, is é is mó.

49 Agus d’fhreagair Eoin agus adubhairt sé, A Mháighistir, do chonnacamar duine ag cur deamhain amach id’ ainm‐se; agus do choisceamar é, toisc nach leanann sé i n‐éinfheacht linne.

50 Acht adubhairt seisean leis, Ná choiscidh é: óir an té nach bhfuil ’n‐bhúr gcoinnibh atá sé libh.

51 Agus tharla, nuair do bhí am a dheasgabhála ag teacht i ngiorracht dó, gur ghlac sé de rún daingean aghaidh do thabhairt ar Iarúsalem, agus do chuir sé teachtairí roimhe:

52 agus d’imthigheadar‐san, agus do chuadar isteach i mbaile beag de bhailtibh na Samáritánach, chum ullamhú do dhéanamh fá n‐a choinne.

53 Agus ní ghlacfaidís‐sean chuca é, óir do bhí a aghaidh mar bhéadh sé ag dul go h‐Iarúsalem.

54 Agus nuair chonnaic Séamas agus Eoin, a dheisceabail, sin, adubhradar, A Thighearna, an toil leat go nglaodhfaimís teine do theacht anuas ó neamh, agus iad súd do loscadh?

55 Acht d’iompuigh seisean, agus do cheartuigh sé iad.

56 Agus d’imtigheadar go baile beag eile.

57 Agus sa tslighe dhóibh, adubhairt duine éigin leis, Leanfad‐sa thú cibé áit ’n‐a rachaidh tú.

58 Agus adubhairt Íosa leis, Atá pluaiseacha ag na sionnachaibh, agus atá neadacha ag éanlaithibh an aeir; acht ní fhuil áit ag Mac an Duine ar a leagfadh sé a cheann.

59 Agus adubhairt sé le duine eile, Lean‐sa mise. Acht adubhairt seisean, A Thighearna, leig dom dul ar dtús agus m’athair do chur.

60 Agus adubhairt seisean leis, Leig do na marbhaibh a mairbh féin do chur; acht imthigh‐se agus fógair ríoghacht Dé go foirleathan.

61 Agus adubhairt duine eile, Leanfad‐sa thú, a Thighearna; acht leig dom, ar dtús, slán d’fhágáil aca‐san atá sa mbaile.

62 Acht adubhairt Íosa leis, Aoinneach do chuir a lámh ar an gcéachta, agus do dhearc siar ’n‐a dhiaidh sin, ní fhuil sé oireamhnach do ríoghacht Dé.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí