Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Lúcás 9:58 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

58 Agus adubhairt Íosa leis, Atá pluaiseacha ag na sionnachaibh, agus atá neadacha ag éanlaithibh an aeir; acht ní fhuil áit ag Mac an Duine ar a leagfadh sé a cheann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

58 Agus dúirt Íosa leis, “Bíonn uachaisí ag sionnaigh, agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl áit leagtha a chinn ag Mac an duine.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

58 Dubhairt Íosa leis: Tá plothógaí ag na sionnaigh, agus tá neadracha ag éanacha an aeir, acht ag Mac an Duine ní fhuil áit ar a leagfadh sé a cheann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

58 Agus a dubhairt Iósa ris, Ataíd fúachaisighe ag na sionnchaibh, agus neíd ag éanlaith a naiéir; achd ní bhfuil áit ag Mac an duine ann a gcurfeadh sé a cheann.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

58 Agus dubhairt Íosa leis: Táid poill talmhan ag na madraíbh ruadha, agus a neadacha ag éanlaithe an aeir, ach ag Mac au Duine ni’l áit ’n-a leigfeadh sé a cheann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

58 Dúirt Íosa leis: “Tá prochóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfaidh sé a cheann.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 9:58
9 Tagairtí Cros  

is é sin an síol is lugha d’á bhfuil ann; acht nuair fhásas sé, is é an luibh is mó d’á bhfuil ann, agus éirigheann sé ’n‐a chrann, i dtreo go dtig éanlaithe an aéir agus go neaduighid ’n‐a ghéagaibh.


Agus adubhairt Íosa leis, Atá uachaise ag na sionnachaibh, agus atá neada ag éanlaithibh na spéire; acht ní fhuil ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.


Óir is eol daoibh grása ár dTighearna Íosa Críost, gidh go raibh sé saidhbhir, gur éirigh sé bocht ar bhur son‐sa, chum go n‐éireochadh sibh saidhbhir de bharr a bhochtaine‐sean.


Éistidh, a bhráithre ionmhaine, nár thóg Dia bochta an tsaoghail chum bheith saidhbhir fá chreideamh agus chum bheith ’n‐a oidhribh de’n ríoghacht atá geallta aige do na daoinibh ghrádhuigheas é?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí