Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 9:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do chuir sé amach iad ag craobhscaoileadh ríoghachta Dé, agus ag leigheas na n‐easlán.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 agus gur chuir amach iad chun go bhfógróidís ríocht Dé agus go slánóidís aicídí.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus chuir sé iad a sheanmóir ríoghacht Dé, agus a leigheas na ndaoine breoidhte.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus do chuir sé iád do sheanmoír ríoghachda De, agus do leigheas na ndáoine easlán.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus chuir sé uaidh iad ag craobhsgaoileadh rígheachta Dé agus ag leigheas daoine breóite.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Agus chuir sé uaidh iad ag fógairt ríocht Dé agus ag leigheas na n-easlán.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Agus chuir sé uaidh iad ag fógairt ríocht Dé agus ag leigheas na n‑easlán.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 9:2
14 Tagairtí Cros  

Do chuir Íosa an dáréag sin amach, agus thug sé órdú dhóibh, g‐á rádh, Ná téighidh isteach i slighe na bPágánach, agus na téighidh isteach i gcathrachaibh na Samáritánach;


Nuair do‐chluin aoinneach briathar na ríoghachta, agus nach dtuigeann sé é, tig an ainspioraid, agus sciobann sí léi an nidh do cuireadh ’n‐a chroidhe. Is é sin an té ’n‐ar cuireadh an síol le h‐ais an bhealaigh mhóir.


Agus craobhscaoilfear an soiscéal so na ríoghachta ar fud an domhain uile mar fhiadhnaise do na cinidheachaibh go léir; agus annsin tiocfaidh an deireadh.


g‐á rádh, Déanaidh aithrighe, óir atá ríoghacht na bhflaitheas druidthe libh.


Agus adubhairt sé leo, Imthighidh ar fud an domhain uile, agus déanaidh an soiscéal do chraobhscaoileadh do’n chineadh daonna ar fad.


Agus d’imthigheadar‐san, agus d’fhógradar aithrighe do dhéanamh.


I n‐a dhiaidh sin d’órduigh an Tighearna deichneabhar agus trí fichid eile, agus do chuir sé roimhe amach iad ’n‐a mbeirt agus ’n‐a mbeirt go dtí gach cathair agus áit ’n‐a raibh sé féin le teacht.


croithimís dínn é ’n‐bhúr n‐aghaidh: acht cheana, bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríoghacht Dé druidthe libh.


agus leigheasaidh na daoine breoite sa gcathair sin, agus abraidh leo, Atá ríoghacht Dé druidthe libh.


Do bhí an reacht agus na fáidhe ann go dtí aimsear Eoin: ó’n tráth sin atá soiscéal ríoghachta Dé d’á chraobhscaoileadh, agus atá gach aoinneach ag teannadh isteach innti.


Acht ar n‐a fheicsin sin do’n sluagh, do leanadar é: agus d’fháiltigh sé rómpa, agus do labhair sé leo i dtaobh ríoghachta Dé, agus do leigheas sé iad‐san ag a raibh gábhadh leis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí