Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 9:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus adubhairt sé leo, Ná beiridh rud ar bith libh le h‐aghaidh bhúr dturais, bata siubhail, ná mála, ná arán, ná airgead; agus ná bíodh dhá chóta ag duine agaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Agus ar seisean leo, “Ná tugaigí ní ar bith libh le haghaidh bhur n‑aistir, ach imígí gan bhata, gan mhála, gan arán, gan airgead; agus ná bíodh an dá léine agaibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus dubhairt sé leo: Ná tabhairigidh dadamh libh le h-aghaidh bhur n-aistir, bata, ná mála, ná arán, ná airgead, agus ná bíodh dhá chóta agaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus a dubhairt sé riú, Ná beiridh ní ur bith libh chum na sligheadh, bataighe, ná tiach lóin, ná arán, ná aírgead ná biodh dhá chóta ag cách.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus dubhairt sé leó: Ná tógaidh aon rud i gcóir an bhóthair, bata ná mála ná arán ná airgead, agus ná bíodh dhá bhrat ag aoinne agaibh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Agus dúirt sé leo: “Ná tógaigí libh aon ní i gcomhair an bhóthair, bata ná tiachóg, ná arán, ná airgead, agus ná bíodh dhá chóta an duine agaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Agus dúirt sé leo: “Ná tógaigí libh aon ní i gcomhair an bhóthair, bata ná tiachóg, ná arán, ná airgead, agus ná bíodh dhá chóta an duine agaibh.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 9:3
12 Tagairtí Cros  

Agus do ghlaodh sé chuige an dá‐réag, agus do thosnuigh sé ar a gcur amach ’n‐a mbeirt agus ’n‐a mbeirt; agus thug sé ceannas dóibh ar na spioraidibh neamh‐ghlana;


Agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Ná bíodh imnidhe oraibh i dtaobh bhúr mbeathadh, créad íosfas sibh; ’ná i dtaobh bhúr gcuirp, créad chuirfeas sibh oraibh.


Acht má’s mar sin éidigheas Dia féar an mhachaire, atá ann indiu, agus caithtear san oigheann amárach; nach mó go mór éideochas sé sibh‐se, a lucht an chreidimh bhig?


Agus adubhairt sé leo, Nuair do chuireas uaim sibh gan sparán, gan mála, gan bróga, an raibh éinnidh i n‐easnamh oraibh? Agus adubhradar, Ní raibh.


Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt sé leo, An té ag a bhfuil dhá chasóig, tabhradh sé do’n té nach bhfuil casóg aige; agus an té ag a bhfuil biadh, déanadh sé mar an gcéadna.


Agus do‐rinne Lébhí fleadh mhór dó ’n‐a thigh: agus do bhí cuideachta mhór poibleacán agus daoine eile ann agus iad ’n‐a suidhe chum bidh ’n‐a bhfochair.


Agus cibé teach i n‐a rachfaidh sibh isteach, fanaidh annsin, agus imthighidh as sin.


Saighdiúir i mbun a dhualgais, ní cheaduigheann sé dhó féin bheith gabhtha ag gnáthchúramaibh an tsaoghail seo, chum go mb’ fhearr thaithneochas sé leis an té do thogh mar shaighdiúir é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí