Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 9:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do ghlaodh sé an dáréag chuige, agus thug sé dhóibh cumhacht agus ughdarás ar na deamhnaibh go léir, agus chum galair do leigheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Agus ghlaoigh sé le chéile an dáréag gur thug cumhacht agus údarás dóibh leis na deamhain a chur faoi smacht agus na breoiteachtaí a leigheas,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Annsin nuair a ghoir sé chuige an dáréag Abstal, thug sé cumhacht agus ughdarás dóibh ar na deamhain go h-uile, agus galair a leigheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus ag gairm a dhá dheisciobal deg dhó, tug sé neart agus cumhachda dhóibh art na huile dheamhnuibh, agus ar easláintibh do leigheas.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Do ghlaoidh sé chuige an dáréag Aspol agus thug sé dhóibh cómhacht agus cumas ar gach aicme deamhan, agus leigheas ar ghalaraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Ghlaoigh sé an dáréag le chéile agus thug dóibh cumhacht agus údarás os cionn na ndeamhan uile agus chun galair a leigheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Ghlaoigh sé an dáréag le chéile agus thug dóibh cumhacht agus údarás os cionn na ndeamhan uile agus chun galair a leigheas.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 9:1
15 Tagairtí Cros  

Do‐bhéarfad duit eochracha ríoghachta na bhflaitheas: agus cibé nidh cheanglóchas tú ar talamh, ceanglóchar é ar neamh: agus cibé nidh scaoilfeas tú ar talamh, scaoilfear é ar neamh.


Agus do leath a chlú ar fud tíre na Sithre ar fad, agus tugadh chuige iad‐san go léir ar a raibh easláinte, iad do bhí cráidhte le galaraibh ilghnéitheacha agus le piantaibh, agus go raibh deamhain ionnta, daoine go raibh an galar tuitimeach agus pairilis ortha; agus do leigheas sé iad.


Óir is fear mise atá fá cheannas, agus atá saighdiúirí fúm féin: agus adeirim leis an bhfear so, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tig sé, agus lem’ sheirbhíseach, Déan so, agus do‐ghní sé é.


I n‐a dhiaidh sin d’órduigh an Tighearna deichneabhar agus trí fichid eile, agus do chuir sé roimhe amach iad ’n‐a mbeirt agus ’n‐a mbeirt go dtí gach cathair agus áit ’n‐a raibh sé féin le teacht.


Féachaidh, atá cumas tabhartha agam daoibh chum nathracha nimhe agus scairpeanna do bhrúghadh fá chois, agus buaidh ar gach neart na námhad: agus ní dhéanfaidh éinnidh anachain ar bith oraibh.


Go fírinneach adeirim libh, An té chreideas ionnam‐sa, na h‐oibreacha do‐ghním‐se, déanfaidh seisean iad mar an gcéadna, agus is mó ’ná iad dhéanfas sé; toisc go bhfuilim ag dul chum an Athar.


Acht dogheobhaidh sibh neart nuair thiocfas an Spiorad Naomh oraibh: agus béidh sibh ’n‐bhúr bhfiadhnaidhthibh damh‐sa i nIarúsalem, agus i nIúdaea ar fad, agus i Samária, agus go foirimeall an domhain.


Agus de bhárr creidimh ’n‐a ainm‐sean thug a ainm neart do’n duine seo, do‐chí sibh agus aithnigheas sibh: agus is é an creideamh tríd thug dó an tsláinte iomlán atá ’n‐bur bhfiadhnaise rómhaibh go léir.


dána, agus tú ag síneadh amach do láimhe ag leigheas; agus go ndéantar míorbhailtí agus iongantaisí tré ainm do Naomh Sheirbhísigh Íosa.


Agus adubhairt Peadar leis, A Aenéis, atá Íosa Críost ’gad’ shlánú: éirigh, agus cóirigh do leaba. Agus d’éirigh sé ar an láthair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí