Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 9:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Do ghlaoidh sé chuige an dáréag Aspol agus thug sé dhóibh cómhacht agus cumas ar gach aicme deamhan, agus leigheas ar ghalaraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Agus ghlaoigh sé le chéile an dáréag gur thug cumhacht agus údarás dóibh leis na deamhain a chur faoi smacht agus na breoiteachtaí a leigheas,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Annsin nuair a ghoir sé chuige an dáréag Abstal, thug sé cumhacht agus ughdarás dóibh ar na deamhain go h-uile, agus galair a leigheas.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do ghlaodh sé an dáréag chuige, agus thug sé dhóibh cumhacht agus ughdarás ar na deamhnaibh go léir, agus chum galair do leigheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus ag gairm a dhá dheisciobal deg dhó, tug sé neart agus cumhachda dhóibh art na huile dheamhnuibh, agus ar easláintibh do leigheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Ghlaoigh sé an dáréag le chéile agus thug dóibh cumhacht agus údarás os cionn na ndeamhan uile agus chun galair a leigheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Ghlaoigh sé an dáréag le chéile agus thug dóibh cumhacht agus údarás os cionn na ndeamhan uile agus chun galair a leigheas.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 9:1
15 Tagairtí Cros  

Agus tabharfad duit eochracha rígheachta na bhflathas; agus pé rud a cheangalóchair ar talamh, beidh sé ceangailte ins na flathais; agus pé rud a sgaoilfir ar talamh, beidh sé sgaoilte ins na flathais.


Agus do leath a chlú ar fuid Siria go léir, agus do tugadh ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte, gabhtha le galaraibh agus le piantaibh, agus daoine go raibh deamhain ionta, agus daoine a bhí as a meabhair, agus daoine a bhí gan lúth, agus do leighis sé iad.


Mar is duine mise atá fé smacht, agus tá saighdiúirí fúm; agus deirim leis an bhfear so, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tagann sé, agus le m’ sheirbhíseach, Dein so; agus deineann sé é.


Tar éis na neith sin do cheap an Thíghearna dháréag agus trí fichid eile, agus chuir sé roimis amach iad, ’n-a mbeirt a’s ’n-a mbeirt, chun gach baile agus áit n-a raibh sé féin le teacht ann.


Féach, tá tabhartha agam daoibh cumas ar shatailt ar aithreachaibh nimhe agus ar scorpiónaibh, agus ar gach cómhacht de chómhachtaibh an namhad, gan dochar daoibh.


Nó murab é sin é, creididh mé mar gheall ar na h-oibreacha féin. Go deimhin, deimhin, adeirim libh, an t-é a chreideann ionam-sa, na h-oibreacha a dheinim-se déanfaidh sé féin iad, agus déanfaidh sé oibreacha is mó ’ná iad; mar táim-se ag dul ag triall ar an Athair.


Ach glacfaidh sibh neart an Spioraid Naoimh ag túirliocan ionaibh, agus beidh sibh i nbhúr lucht fiadnaise dhómhsa i n-Ierúsalem agus i n-Iudéa go léir agus i Samaría, agus go h-imeall an domhain ar fad.


Agus de bharr creidimh i n’ainim sin, an duine seo a chíonn sibh agus d’-aithnígheann sibh, do neartuigh a ainim é, agus thug an creideamh a thagann uaid an slánú críochnuighthe sin atá os cómhair bhúr súl go léir.


Le d’láimh a shíne amach ag déanamh leigheas agus mírbhúiltí agus iongnaí tré ainim do Mhic naomhtha Íosa.


Agus dubhairt Peadar leir: A Énéis, tá an Tighearna Íosa Críost ag tabhairt sláinte dhuit. Éirigh agus córuigh do leabaidh! Agus d’éirigh sé láithreach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí