Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 9:28 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Agus tharla, timcheall ocht lá tar éis na cainnte sin, go dtug sé leis Peadar, agus Eoin, agus Séamas, agus go ndeachaidh sé suas ar shléibh chum urnaighe do dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

28 Tuairim is ocht lá i ndiaidh an chaint sin a rá ghlac sé leis Peadar agus Eoin agus Séamas, agus chuaigh a urnaí ar ard an tsléibhe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

28 Agus thárla tuairim agus ocht lá i ndiaidh na mbriathar sin, gur ghabh sé chuige Peadar agus Séamus agus Eoin, agus chuaidh sé suas ar an tsliabh a dhéanamh urnaighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Agus tárla a dtimcheall ochd lá tar éis na mbriatharsa, ar mbeith Pheadair agus Eóin agus Shéamuis leis, go ndeachaidh sé súas ar shlíabh do dhéanadh urnuighe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Agus do thárla, tímpal ocht lá tar éis na cainte sin, gur thóg sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin, agus go ndeaghaidh sé suas ar an gcnoc chun úrnuighthe dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

28 Agus timpeall ocht lá tar éis na cainte sin, rug sé leis Peadar agus Eoin agus Séamas agus chuaigh an sliabh suas chun guí.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 9:28
18 Tagairtí Cros  

Agus nuair do bhi na sluaighte curtha chum bealaigh aige, do chuaidh sé suas an sliabh ’n‐a aonar chum urnaighe do dhéanamh: agus nuair tháinig an tráthnóna, do bhí sé annsin n‐a aonar.


Agus nuair chonnaic sé na sluaighte, do chuaidh sé suas ar an sléibh; agus nuair do bhí sé ’n‐a shuidhe,


Agus ar maidin, roimh fháinniú an lae go moch, d’éirigh sé agus do chuaidh sé amach, agus d’imthigh sé go h‐áit fhásamhail, agus do rinne sé urnaighe ann.


Agus nuair do chuir sé slán leo, d’imthigh sé suas an cnoc chum urnaighe do dhéanamh.


Agus tharla, nuair do bhí na daoine go léir baistthe, agus bhí Íosa baistthe, agus bhí sé ag guidhe, gur foscladh na flaithis,


Acht d’imthigheadh seisean uatha isteach sa bhfásach, agus do‐ghníodh sé urnaighe ann.


Agus tharla ins na laethibh sin, go ndeachaidh sé amach ar an gcnoc chum urnaighe do dhéanamh; agus d’fhan sé ar feadh na h‐oidhche ag guidhe chum Dé.


Agus nuair do shroich sé an teach, níor leig sé d’aoinneach teacht isteach i n‐éinfheacht leis, acht Peadar, agus Eoin, agus Séamas, agus athair agus máthair an chailín.


Agus tharla, agus é ag guidhe ’n‐a aonar, go raibh na deisceabail ’n‐a fhochair: agus do cheistigh sé iad, g‐á rádh, Cia h‐é adeir na daoine gur mise?


Agus do chuaidh Íosa suas an cnoc, agus do shuidh sé annsin i bhfochair a dheisceabal.


Is í seo an treas uair dom ag teacht chugaibh. Ar fhiadhnaise beirte nó triúir bunóchar gach focal.


Is eisean, i laethibh a fheola, tar éis urnaighthe agus athchuingthe d’ofráil, le h‐árd‐ghol agus le deoraibh chum an té go raibh ar chumas dó a shaoradh ó’n mbás, agus gur h‐éisteadh leis as ucht a naomh‐eagla,


Óir ní finn‐scéalta fighte go cliste do leanamar nuair chuireamar i bhfios daoibh cumhacht agus teacht ár dTighearna Íosa Críost, acht is amhlaidh chonnacamar a mhórdhacht le n‐ár súilibh féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí