Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 9:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus do ghlac sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féachain suas ar neamh dhó, do bheannuigh agus do bhris sé iad; agus thug sé d’á dheisceablaibh iad chum go gcuirfidís os cómhair na ndaoine iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Agus ghlac sé na cúig bhuilín aráin agus an dá iasc, agus dʼamharc sé in airde i dtreo neimhe, agus bheannaigh sé agus roinn sé iad, gur thug do na deisceabail iad lena leagan roimh an slua.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Agus ag glacadh na gcúig n-arán agus an dá iasc dó, d’amharc sé suas ar neamh agus bheannuigh, agus bhris, agus thug dá dheisciobail, go gcuireadh siad ós cómhair na sluagh iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus ar ngabháil na gcúig narán agus an dá iásg dhósan, agus ar bhféachain sias ar neamh, do bheannuigh sé iád, agus do bhris sé, agus tug sé dhá dheisciobluibh iád do chum go gcuirfidís a bhfiadhnuisi an phubail iád.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Ansan do thóg sé na chúig bulóga agus an dá iasg, agus d’fhéach sé suas chun neimhe agus bheannuigh sé iad, agus do bhris, agus thug d’a dheisgiobuil le cur os cómhair na ndaoine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Thóg sé na cúig bhuilín agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh iad agus bhris agus thug do na deisceabail iad le cur os comhair an tslua.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh iad agus bhris agus thug do na deisceabail iad le cur os comhair an tslua.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 9:16
16 Tagairtí Cros  

Agus adubhairt sé leis na sluaightibh suidhe síos ar an bhféar; agus do ghlac sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féachaint suas ar neamh dhó, do bheannuigh, agus do bhris sé na bollóga, agus thug sé d’á dheisceablaibh iad, agus thug na deisceabail do na sluaightibh iad.


agus do ghlac sé na seacht mbollóga agus na h‐iascanna, agus do ghabh sé buidheachas, agus do bhris sé iad, agus thug sé do na deisceablaibh iad, agus thug na deisceabail do’n tsluagh iad.


agus ag féachain suas ar neamh dhó, do leig sé osna as, agus adubhairt sé leis, Effatá, is é sin, Foscailtear thú.


Agus do thóg sé arán, agus nuair thug sé buidheachas, do bhris sé é, agus thug sé dhóibh é, g‐á rádh, Is é seo mo chorp do‐bheirthear ar bhúr son‐sa: déanaidh so mar chuimhneamh orm‐sa.


Agus do chuaidh sé isteach ag fanamhain aca. Agus tharla, nuair do bhí sé ’n‐a shuidhe chum bidh ’n‐a bhfochair, gur thóg sé an t‐arán, agus gur bheannuigh sé é, agus gur bhris agus go dtug sé dhóibh é.


Agus do‐rinneadar amhlaidh, agus do chuireadar iad go léir ’n‐a suidhe.


Agus d’itheadar, agus do bhí a ndóthain aca go léir: agus do tógadh lán dá chiseán déag de’n fhuighleach do bhí fágtha aca.


Agus do thóg Íosa na bollóga; agus iar mbreith buidheachais dó, do roinn sé iad ortha‐san do bhí ’n‐a suidhe; agus na h‐iasca, chómh maith, an oiread díobh do theastuigh uatha.


(tháinig báid, ámh, ó Thibérias i n‐aice na h‐áite ’n‐ar itheadar an t‐arán tar éis altuighthe an Tighearna):


Agus ar n‐a rádh sin dó, do thóg sé arán, agus do ghabh sé buidheachas le Dia ’n‐a bhfiadhnaise go léir: agus do bhris sé é agus do thionnscain sé g‐á ithe.


An té bhreathnuigheas an lá, is ar son an Tighearna do‐ghní sé é; agus an té itheas, is ar son an Tighearna itheas sé, mar bheireann sé buidheachas do Dia; agus an té nach n‐itheann, is ar son an Tighearna nach n‐itheann, agus bheireann seisean buidheachas do Dhia.


Óir má’s le buidheachas ithim, cad chuige a bhfaightear locht orm mar gheall ar rud go dtugaim buidheachas ’n‐a thaobh?


agus tar a éis dó buidheachas do thabhairt, gur bhris sé é, agus go ndubhairt, Is é seo mo chorp, atá d’á bhriseadh ar bhur son‐sa: déanaidh é seo mar chuimhneamh orm‐sa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí