Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 9:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus cibé daoine nach nglacfaidh chuca sibh, ag imtheacht as an gcathair sin daoibh, crothaidh an luaithreadh de bhúr gcosaibh mar fhiadhnaise ’n‐a n‐aghaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Agus an áit nach gcuireann fáilte romhaibh, ag fágáil an bhaile úd daoibh, croithigí an deannach de bhur gcosa mar fhianaise ina n‑éadan.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Agus muna bhfáiltighidh daoine rómhaibh, cibé ar bith iad, ag dul amach as an chathair sin díbh, craithigidh fiú an dusta de bur gcosa mar fhiadhnaise ina n-aghaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus gidh bé nach géubhuidh chuca sibh, ar bhfagbháil na caithreachasin dáoibh, craithidh fós an lúathbreachán dá bhur gcosnibh mar fhíadhnuisi na naghaidh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus pé daoine ná glacfaidh sibh imthighidh amach as an gcathair sin agus deinidh an ceó do chrothadh d’bhúr gcosaibh mar fhiadhnuise ’n-a gcoinnibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Agus maidir leo seo nach nglacann sibh, ag dul amach as an gcathair sin daoibh, croithigí an deannach de bhur gcosa mar fhianaise ina n-aghaidh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Agus maidir leo seo nach nglacann sibh, ag dul amach as an gcathair sin daoibh, croithigí an deannach de bhur gcosa mar fhianaise ina n‑aghaidh.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 9:5
13 Tagairtí Cros  

agus béarfaidh siad sibh i láthair uachtarán agus ríogh ar mo shon‐sa, mar fhiadhnaise dhóibh‐sean agus do na Págánachaibh.


Agus cibé áit nach nglacfaidh sibh, agus nach n‐éistfidh libh, ag imtheacht daoibh as an áit sin, crothaidh an luaithreadh de bhonnaibh bhúr gcos mar fhiadhnaise ’n‐a n‐aghaidh.


Cibé duine ghlacfas chuige im’ ainm‐se leanbh d’á leithéid seo, is mise ghlacas sé chuige, agus cibé duine ghlacas mise chuige, ní mise ghlacas sé, acht an té do chuir uaidh mé.


An té éisteas libhse, is liom‐sa éisteas sé; agus an té dhiúltuigheas daoibh, is damh‐sa dhiúltuigheas sé; agus an té dhiúltuigheas damh‐sa, diúltuigheann sé do’n té do chuir uaidh mé.


Agus ar an láthair d’imthigh an lobhra dhe. Agus d’órduigh sé dhó gan a innsin d’aon duine: acht imthigh, agus taisbeán thú féin do’n tsagart, agus íodhbair i n‐éiric do ghlanta mar órduigh Maois duit, mar fhiadhnaise dhóibh.


Agus cibé teach i n‐a rachfaidh sibh isteach, fanaidh annsin, agus imthighidh as sin.


agus adubhairt sé leo, Cibé duine ghlacfas chuige an leanbh beag so im’ ainm‐se, glacann sé mise: agus cibé duine ghlacfas mise chuige, glacann sé chuige an té do chuir uaidh mé: óir an té is lugha eadraibh uile, is é is mó.


Acht do chrothadar‐san luaith a gcos ’n‐a gcoinnibh, agus thángadar go h‐Icónium.


Agus nuair do chuireadar ’n‐a choinnibh, ag cainnt go masluightheach, do chroth sé a chuid éadaigh, agus adubhairt sé leo, Ar bhúr gceann féin go raibh bhúr gcuid fola; atáim‐se glan: as so amach rachfad chum na gCineadhach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí