Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 9:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 g‐á rádh, Caithfidh Mac an Duine mórán d’fhulang, agus go séanfadh na seanóirí, agus uachtaráin na sagart, agus na scríobhaidhthe é, agus go marbhóchaidhe é, agus go n‐aiséireochadh sé an tríomhadh lá.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 agus dúirt sé “Is iomaí rud a chaithfeas Mac an duine a fhulaingt agus diúltóidh na seanóirí agus na hardsagairt agus na scríobhaithe dó, agus beifear á chur chun báis, agus á thógáil ar aiséirí an tríú lá.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Ag rádh: Is éigean do Mhac an Duine mórán neithe d’fhuilstin, go séanadh na seanóirí agus uachtaráin na sagart agus na Scríobhaidhthe é, go gcuirthí chun báis é, agus go n-éirigheadh sé arís ar an treas lá.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Ag rádh, Gur ab éigin do Mhac an duine mórán dfulang, agus a dhinltadh ó na sinnsearnibh agus ó úachdaránnibh na sagart agus ó na sgriobuidgibh, agus bás dfulang, agus éirghe an tres lá.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 ’Ghá rádh: Ní foláir do Mhac an Duine mórán d’fhulang, agus go séanfadh na seanóirí é, agus uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí, agus go gcurfaí chun báis é, agus go n-aiseireóchadh sé an trímhadh lá.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 agus dúirt: “Ní foláir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt, agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 agus dúirt: “Ní foláir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt, agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 9:22
24 Tagairtí Cros  

acht adeirimse libh go dtáinig Élias cheana, agus nior aithnigheadar é, acht d’imreadar a dtoil féin air. Is mas sin fhulaingeochas Mac an Duine uatha, leis.


Agus nuair do bhíodar ’n‐a gcómhnaidhe sa nGaililé, adubhairt Íosa leo, Do‐bhéarfar Mac an Duine i lámhaibh daoine;


A thighearna, is cuimhin linn go ndubhairt an fealltóir úd, agus é beo, I gceann trí lá éireochad arís.


Agus do thosnuigh sé ar a innsint dóibh, go gcaithfeadh Mac an Duine mórán d’fhulang, agus diúltadh d’fhágháil ó na seanóiribh, agus ó na h‐árd‐shagartaibh, agus ó na scríobhaidhthibh, agus go gcuirfidhe chum báis é, agus go n‐éireochadh sé tar éis trí lá.


Óir do bhí sé ag teagasc a dheisceabal, agus ’g‐a rádh leo, Atá Mac an Duine le tabhairt i lámhaibh na ndaoine, agus cuirfid chum báis é; agus tar éis a mharbhtha, éireochaidh sé an treas lá.


Acht caithfidh sé ar dtús mórán d’fhulang, agus diúltadh d’fhágháil ó’n sliocht so.


Nárbh éigean do’n Chríost na neithe sin d’fhulang ar an gcuma sin, agus dul isteach ’n‐a ghlóir?


Agus adubhairt sé leo, Is iad so na briathra do labhras libh, an fhaid do bhíos fós ’n‐bhúr bhfochair, gurbh éigean gach a bhfuil scríobhtha i reacht Mhaoise, agus ins na fáidhibh, agus ins na salmaibh, im’ thaobh‐sa, do chóimhlíonadh.


gurbh éigean go dtiubharthaidhe Mac an Duine ar láimh do na peacachaibh, agus a chéasadh, agus a aiséirghe an treas lá.


Cuiridh‐se na ráidhte seo i dtaisce ’n‐bhúr gcluasaibh: óir atá Mac an Duine le tabhairt i lámhaibh daoine.


agus gur h‐adhlacadh é: agus gur aiséirigh sé an treas lá do réir na scrioptúir;


ar lorg na h‐aimsire, nó cómhartha na h‐aimsire d’fhoillsigh Spiorad Chríost do bhí ionnta, nuair thug sé fios roimh ré i dtaobh a raibh le fulang ag Críost, agus i dtaobh na glóire do bhí le leanamhain ’n‐a dhiaidh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí