Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 9:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Agus tharla, nuair do bhíodar‐san ag imtheacht uaidh go ndubhairt Peadar le h‐Íosa, A Mháighistir, is maith dhúinn bheith annso: déanaimís trí botha; both dhuit‐se, agus both do Mhaois, agus both d’Élias: agus gan a fhios aige créad do bhí aige d’á rádh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

33 Nuair a bhí na fir ag scaradh leis, arsa Peadar le hÍosa, “A Oide, is méanar dúinn bheith anseo; déanaimis trí bhoth, both daoibhse agus both do Mhaois agus both dʼElía,” agus gan fhios aige cad é a raibh sé á rá.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

33 Agus thárla, nuair a bhí siad ag imtheacht uaidh, dubhairt Peadar le h-Íosa: A Mháighistir, is maith dúinn a bheith annseo; déanamaois trí botha, ceann duit-se, agus ceann do Mhaoise, agus ceann do Elías, óir ní raibh a fhios aige cad é bhí dá rádh aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

33 Agus tárlá, agá fhagbháil doibh, go ndubhairt Peadar ré Híosa, A Mhaighisdir, is maith sinne do bheith ann so: agus déanam trí botha; both dhuitsi, agus both do Mháoisi, agus both Dhelías: gan fios aige créd a dubhairt sé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Agus do thárla, nuair a bhíodar ag imtheacht uaidh, go ndubhairt Peadar le h-Íosa: A Mháighistir, is maith an bhail orainne bheith anso; agus deinimís anso trí puible, pubal duit-se, agus pubal do Maois, agus pubal d’Elias; agus gan a fhios aige cad a bhí aige dh’á rádh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

33 Agus ansin, le linn dóibh seo a bheith ag scaradh leis, dúirt Peadar le hÍosa: “A Mháistir, is maith mar a tharla anseo sinn: déanaimis trí bhoth, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann dʼÉilias”–agus gan a fhios aige cad a bhí sé a rá.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 9:33
13 Tagairtí Cros  

Agus nuair thángadar go dtí an sluagh, tháinig chuige fear, ag sléachtadh ar a ghlúnaibh dhó, agus g‐á rádh,


Agus d’fhreagair Peadar, agus adubhairt sé le h‐Íosa, A Thighearna, is maith dhúinn bheith annso: má’s áil leat‐sa é, déanaimís annso trí botha, both dhuit‐se, both do Mhaois, agus both d’Élias.


Acht adubhairt Íosa leo, Ní fios daoibh créad iarras sibh. An cupán ólaim‐se, an féidir libh‐se a ól? nó an féidir libh an baisteadh le n‐a mbaistfear mise d’fhulang?


Agus d’fhreagair Síomón agus adubhairt, A Mháighistir, Do bhíomar ag obair ar feadh na h‐oidhche, agus níor thógamar éinnidh; acht cheana, ó deirir‐se an focal, cuirfead amach an líon.


Agus le linn cainnte dhó, tháinig scamall, agus do chlúduigh sé iad: agus do bhí eagla ortha agus iad ag dul isteach fá’n scamall.


Agus d’fhreagair Eoin agus adubhairt sé, A Mháighistir, do chonnacamar duine ag cur deamhain amach id’ ainm‐se; agus do choisceamar é, toisc nach leanann sé i n‐éinfheacht linne.


Adubhairt Pilib leis, A Thighearna, taisbeán dúinn an t‐Athair, agus is leor dúinn sin.


Óir Dia d’órduigh do’n tsolas soillsiú as lár an dorchadais, do shoillsigh sé ’n‐ár gcroidheachaibh, chum solas glóire Dé do thabhairt dúinn i ngnúis Íosa Críost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí